COVID-19 Updates

Ráiteas ó Ghaillimh 2020

Ag leanúint na treorach atá eisithe ag an Rialtas inniu maidir le bearta nua chun Covid-19 a choinneáil faoi smacht, tá athbhreithniú déanta ag Gaillimh 2020 i gcomhar lenár gComhpháirtithe Cultúrtha agus leis na healaíontóirí, ar ár n-imeachtaí go léir atá leagtha amach don tréimhse suas go dtí an 29 Márta.

Tá tionchar ar na tionscadail seo a leanas:

Tionscadail Curtha Ar Ceal
• Savage Beauty, Kari Kola
• Sruth Na Teanga – Branar
• Home Truths: Domestic Violence Response Exhibition
• Interaction, Seoladh Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe

Curtha ar athlá:
• The Deepest Shade of Green – West of Sumer, Saolta Arts, Seoladh agus Caint
• Northern Peripheries, Galway Stories Through A Lens, Lárionad Scannánaíochta na Gaillimhe, i gcomhar le Screen Talent Europe
• West Words, Apeirogon, Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe
• Comhaltas – Céilí ag an gCrosbhóthar, Maigh Cuilinn, 17 Márta
• Livefeed (Baile Locha Riach)
• Laurie Anderson, To The Moon, An Ceoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath
• Onside & National Football Exhibition, FAI
• TULCA – Threads
• Immersive Classroom, OÉG
• Reimagine Loughrea, Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann
• Bailte Beaga Smaointe Móra – Scoil Náisiúnta Chill Tiarnáin

Cé go bhfuil an-díomá ar Ghaillimh 2020 agus ar ár gComhpháirtithe Cultúrtha go raibh orainn na cinntí seo a dhéanamh, is í sláinte an phobail an tosaíocht is mó atá againn agus ní mór dúinn comhairle an Rialtais a leanúint.