Share

Scríbhneoirí Cónaitheacha i gColáiste GRETB / Writers in residence in GRETB Colleges

Date T.B.C
Organiser GRETB

Scríbhneoirí i Scoileanna: Is tionscadal de shraith cónaitheachtaí i mBéarla agus i nGaeilge atá i gceist in 11 Coláiste GRETB i gCathair na Gaillimhe, i gContae na Gaillimhe agus i gContae Ros Comáin. Beidh mic léinn Idirbhliana ag tabhairt faoi chuir chuige sa scríbhneoireacht chruthaitheach, ag scrúdú téamaí saoil in 2020 agus mar a d’athraigh an saol dóibhsean de bharr Covid-19.

 

Cuirfidh roinnt scoileanna clabhsúr leis an gcónaitheacht le léitheoireacht de shaothar a gcuid mac léinn agus cuirfidh daoine eile rogha dá saothar cruthaitheach ar phár i nuachtlitir.

 

Ceardlann sheachtainiúil 1.5 uair an chloig ar feadh 6 seachtaine a bheidh i gceist le gach cónaitheacht. Cuirfidh scríbhneoirí na ceardlanna i láthair ar líne in 2 scoil agus ina steillbheatha sna 9 scoil eile.

Writers in Schools project is a series of residencies in English and Irish in 11 GRETB Colleges in Galway city, Galway county and Roscommon. Engaging TY students with creative writing approaches exploring themes of life in 2020 and how life has changed for them due to Covid 19.

 

Some schools will complete the residency with a reading of students’ work and others will compile a selection of their creative writing in a newsletter.

 

Each residency is a weekly workshop of 1.5 hours for 6 weeks. Writers are conducting the workshops online in 2 schools and in person in the other 9.

Partners / Comhpháirtithe

Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB), Éigse Éireann, Gaillimh – Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020, Foras na Gaeilge, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Contae na Gaillimhe, Comhairle Contae Ros Comáin, Coláistí Rannpháirteacha.

Galway and Roscommon ETB, Poetry Ireland, Galway 2020 European Capital of Culture, Foras na Gaeilge, Galway City Council, Galway County Council and Roscommon County Council

Schools/Scoileanna

Coláiste Mhuirlinne, Dabhach Uisce; Coláiste na Coiribe, Cnoc na Cathrach; Coláiste an Chláirín, Baile Átha an Rí; Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin; Coláiste Ghobnait, Inis Oírr; Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí; Coláiste Bhaile Chláir, Baile Chláir; Coláiste an Ardeaspaig Mhic Éil, Tuaim; Coláiste Naomh Bríd, Baile Locha Riach; Coláiste na Mainistreach, Mainistir na Búille. Merlin College, Doughiska; Coláiste na Coiribe, Cnoc na Cathrach; Clarin College, Athenry; Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin; Coláiste Naomh Ghobnait, Inis Oírr; Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí; Coláiste Bhaile Chláir; Archbishop McHale College, Tuam, St Brigid’s College, Loughrea Abbey Community College, Boyle; Roscommon Community College

Related Events