TICKETS
Ealaín na Gaeltachta & Gaillimh 2020

Óró…

DATE Dé Luain 21 – Dé Sathairn 26 Meán Fómhair. 21 - 26 September 2020
LOCATION Conamara
VENUE Aonad 2, Páirc Ghnó na Ceathrún Rua, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.
PRICE €22.50 / €17.50
WEBSITE ealain.ie
Íomhá / Image: Seán Ó Flaithearta

Scéal corraitheach faoi theacht aniar é Óró… a fhiosróidh féiniúlacht an duine sa saol nach gceadaítear teagmháil fhisiciúil a thuilleadh ann agus a insítear tríd an damhsa comhaimseartha, an amharclannaíocht, an ceol, an fhilíocht agus na hamharc-ealaíona.

Cíorfaidh Óró... cén t-athshamhlú is gá a chur i gcrích sa tsochaí iar-Covid-19 chun go mairfidh an chruinne, ní hamháin go fisiciúil agus go heacnamaíoch ach go cultúrtha freisin.

Léireoidh Óró... tábhacht na héagsúlachta i ngach gné den saol agus cumhacht an chomhair nuair a thagann ealaíontóirí ó chúlraí éagsúla le chéile chun freagra cruthaitheach a thabhairt ar an ngéarchéim dhomhanda ina bhfuil muid faoi láthair. A bhuíochas de phlúr na n-ealaíontóirí gairmiúla, gabhfaidh an nuashaothar ealaíne seo i bhfeidhm go mór ar an bpobal go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Léireofar Óró... in amharclann speisialta suíomhoiriúnaithe ar an gCeathrú Rua i mí Mheán Fómhair agus beidh an léiriú clabhsúir ar Lá Eorpach na dTeangacha, Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair 2020. De bharr fhairsinge an ionaid, cloífear leis na srianta agus treoirlínte a bhaineann leis an scaradh sóisialta go héifeachtach agus gan stró.

Is mórshaothar nua taibhealaíne é Óró… atá cruthaithe go speisialta do Ghaillimh 2020 ag buíon ghairmiúil ealaíontóirí Gaeltachta agus idirnáisiúnta a bhíonn ag saothrú i mionteangacha ar fud na hEorpa.

 

Óró.. is a live theatrical experience, fusing contemporary dance, theatre, music, poetry and visual art to tell a story about language, identity and survival.

Óró..  interrogates how we must re-imagine our society post Covid-19 to ensure our continued existence on this planet, not just physically and economically, but also culturally.

By coming together and producing a shared response to this worldwide crisis in six European minority languages, Óró.. demonstrates the importance of diversity in all spheres of life and the power of collaboration as these wonderful artists combine their talent and experience with that of their European partners to create a work that resonates powerfully, personally and universally.

Óró.. will be performed for a limited run in a large factory space in An Cheathrú Rua in the Connemara Gaeltacht in September culminating on the European day of languages – 26 September. The scale of the performance space enables audiences to adhere comfortably to social distancing guidelines.

10 professional European artists from a range of disciplines including theatre, dance, visual art, literature & music collaborate to create a stunning new production about what happens when our world becomes contactless.

 

 

Ealaíontóirí | Artists

 

Amaia Elizaran – Euskal Herria|Tír na mBascach|Basque Country

Damhsóir Comhaimseartha | Contemporary Dancer

Anne Feddema – Fryslân|An Fhreaslainn|Friesland

Péintéir/File | Painter/Poet

Diarmuid De Faoite – Éire

Aisteoir | Actor

Josie Duncan – Alba|Albain|Scotland

Amhránaí | Singer

Liam Ó Maonlaí – Éire
Ceoltóir/Cumadaóir | Musician/Composer

Maitiú Ó Casaide – Éire

Ceoltóir/Cumadóir | Musician/Composer

Seán Ó Flaithearta – Éire

Amharc-Ealaíontóir/Dearthóir | Visual Artist/Designer

Sorcha de Faoite – Éire
Bainisteoir Stáitse | Stage Manager

 

Ealaíontóirí | Artists

 

Sibéal Davitt – Éire

Damhsóir Comhaimseartha | Contemporary Dancer

Síle Nic Chonaonaigh – Éire

Aisteoir | Actor

Taran Spalding-Jenkin – Kernow| Corn na Breataine|Cornwall

File/Taibheoir | Poet/Performer

Alana MacInnes – Alba|Albain|Scotland

Cúntóir Léirithe | Production Assistant

Cherie White – Éire
Dearthóir Cultacha | Costume Designer

Darach Mac Con Iomaire – Éire

Léiritheoir Cruthaitheach | Creative Producer

Joe Bean – Éire

Meascadh Fuaime | Sound Engineer

Matt Burke – Éire

Dearthóir Soilsithe | Lighting Designer

Paul D’eath – Éire

Cúntóir Léirithe | Production Assistant

 

 

Dátaí & Am | Dates & Times:

Dé Luain 21 – Dé Sathairn 26 Meán Fómhair @ 20:00

Monday 21 – Saturday 26 September @ 20:00

 

Léirithe iarnóna: Dé hAoine 25 & Dé Sathairn 26 @ 14:00

Matinees: Friday 25 & Saturday 26 @ 14:00

 

Is gá ticéad a bheith agat don léiriú seo agus moltar ticéid a chur in áirithe roimh ré.

This is a ticketed event and pre-booking is strongly advised.

 

Ionad | Venue:

Aonad 2, Páirc Ghnó na Ceathrún Rua, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.

Unit 2, Carraroe Business Park, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.

 

Ticéid | Ticket Info:

Ticéid | Tickets €20 / €15

Eolas faoi áirithintí le teacht.

Book ticket: HERE

Comhpháirtithe | Partners

Ealaín na Gaeltachta, Gaillimh 2020, Foras na Gaeilge, Cuan, Údarás na Gaeltachta, Afúk, Etxepare Euskal Institutua, Euskaltzaleen Topagunea, The Cornwall Council, Cyngor Celfyddydau Cymru | Arts Council of Wales, Bòrd na Gàidhlig, Comharsana Ceilteacha | Celtic Neighbours

Related Events

Óró..

21.09.2020 - 26.09.2020