Share

A Poem for the Sweetest Season

Date 01.02.2020
Time 07:00 AM
Venue Ar líne

Arna chur i láthair ag Gaillimh 2020  i gcomhar le hÉigse Éireann.

De bharr go bhfuil cumhacht soilsithe, siamsaíochta, spreagtha agus meallta ag an bhfilíocht, tá dán á choimisiúnú ag Gaillimh 2020 do gach ceann de na ceithre shéasúr.

I dtaca leis an gcéad cheann dár gcoimisiúin filíochta, tá Moya Cannon coimisiúnaithe ag Gaillimh 2020 i gcomhar le hÉigse Éireann chun dán a chruthú ina ndéanfar comóradh ar shéasúr na hathbheochana agus na hathnuachana. Ainneoin an fhuachta ó na críocha Artacha, fuacht nach dtabharfadh duine a mbeadh ciall ar bith aige nó aici aghaidh air gan scairf, miotóga agus hata, tá an t-earrach ag teacht. Téigh tú féin le dán nua Moya Cannon agus an séasúr is milse á cheiliúradh againn.

I gcomhar lenár gcairde in Éigse Éireann, cuirfimid eagrán teoranta de dhán póca clóite ar fáil chun dán Moya a thabhairt mar bhronntanas do gach páiste a thagann ar an saol i nGaillimh le linn mhí Feabhra 2020. Tá an t-earrach buailte linn!

 


Nochtadh an dáin 1 Feabhra, Lá Fhéile Bríde, le léamh scannánaithe ar shuíomh gréasáin agus ar mheáin shóisialta Ghaillimh 2020 le Moya Cannon

 

Related Events