Share

Abendmusik #1 – The Way of Sorrow

Date 15.08.2020
Time
Organiser Music for Galway

Sampla clasaiceach de cheol atá bunaithe ar théacsanna ón mBíobla a bhfuil an-tóir air is ea suíomh Arvo Pärt do Pháis Naomh Eoin. Anseo, labhraíonn scéal an tSoiscéil – an ‘Via Dolorosa’ ina ndéantar cur síos ar thuras Íosa chuig a bhás ar Chalvaire – le glór cumhachtach úrnua trí ensemble uirlise agus gutha atá dlúthphearsanta agus draíochtach. I measc na dtaibheoirí tá cuid de na ceoltóirí is mó a bhfuil aithne orthu i nGaillimh, chomh maith le cuid de na hamhránaithe óga is fearr atá ag teacht chun cinn sa réimse sin san Eoraip.

 

Ticéad €10 – €20

 


 

ARVO PÄRT – Passio

Brian McAlea Dord (Christus), Ciarán Kelly Teanór (Pilatus), Aisling Kenny Soprán (Evangelist), Nora Lamph Alt (Evangelist), Chris Lombard Teanór (Evangelist), Malachy Frame Dord (Evangelist), Bogdan Sofei Veidhlín, Adrian Mantu Dordveidhil, Matthew Manning Óbó, Mariana Paras Basún, Ronan De Burca Orgán, Collegium Cór Aireagail, Mark Duley Stiúrthóir

 

Ag leanúint na treorach a d’eisigh Rialtas na hÉireann ar an 12 Márta maidir le bearta nua chun Covid-19 a choinneáil faoi smacht, tá cinneadh déanta ag Music For Galway agus Gaillimh 2020 an t-imeacht seo a chur ar athlá.
Cé go bhfuil an-díomá ar Music For Galway agus ar Ghaillimh 2020 go raibh orainn na cinntí seo a dhéanamh, is í sláinte an phobail an tosaíocht is mó atá againn agus ní mór dúinn comhairle an Rialtais a leanúint.
Déanfar teagmháil dhíreach le daoine a raibh ticéid ceannaithe acu. Déanfar dátaí nua a fhógairt.

Abendmusik #1

The Way of Sorrow


Ticéad
Related Events