Share

Cumar

Date 01.03.2020
Time 07:00 PM
Venue Palás Cinema
Organiser Screen Ireland

Le linn 2020, cuirfidh Pictiúrlann Pálás agus Fís Éireann sraith spleodrach de léirithe agus de mhion-chomhráite le cuid de na daoine is fearr i scannánaíocht na hÉireann i láthair.

Ó bunaíodh Bord Scannán na hÉireann, ar a dtugtar Fís Éireann anois, tá tallann Éireannach sa bhaile agus i gcéin á cothú ag an gcomhlacht cultúrtha sin.

Cuirfear tús leis an tsraith iontach seo in Pálás le léiriú den scannán, Cumar (2019). Trí shúile seisear ealaíontóirí áitiúla, féachann Cumar ar na cumair a bhfuil tionchar imeartha acu ar chreatlach uathúil na Gaillimhe agus Chonamara.

Sa scannán tráthúil seo, cloisfidh tú glórtha sainiúla na n-ealaíontóirí, an fear grinn Tommy Tiernan, an scríbhneoir Mike McCormack, an file Rita Ann Higgins, an t-amhránaí Róisín Seoighe, an stiúrthóir amharclannaíochta sráide Noeline Kavanagh, an t-amharc-ealaíontóir Pádraic Reaney agus an ceoltóir Máirtín O’Connor.

 

Le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó TG4

 

 


Siúrthóir Aodh Ó Coileáin

Léiritheoir Paddy Hayes

Cliar Mike McCormack, Rita Ann Higgins, Róisín Seoighe, Noeline Kavanagh, Pádraic Reaney, Tommy Tiernan, Máirtín O’Connor

 

 

Cumar (2019). Fís Éireann

Cumar


Ticéid