Share

MONUMENT

Date 07.04.2020 - 31.01.2021
Time
Venue Músaem Cathrach na Gaillimhe
Organiser Músaem Cathrach na Gaillimhe
Tá Monument arna chur i láthair ag Gaillimh 2020 agus Músaem Cathrach na Gaillimhe, arna choimeád ag Sybil Curley agus Eithne Verling.

Déanann taispeántas MONUMENT, tionscadal de chuid Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe, iniúchadh ar chuid de na séadchomharthaí cloiche is mó agus is suntasaí san Eoraip atá scaipthe ar fud na n-oileán is lú atá againn, agus fiafraítear ann cé, cathain, cén chaoi agus cén fáth?

Díreofar ar dhúnfoirt Árann agus taispeánfar cuid den fhianaise seandálaíochta agus eolaíochta, lena n-áireofar ábhar tochailte, agus féachfar ar dhúchas agus ar thraidisiúin na bpobal a chruthaigh na déantáin mhórthaibhseacha seo agus a thugann aire dóibh go fóill.

Tá cuireadh tugtha ag tionscadal MONUMENT sa Mhúsaem d’ochtar ealaíontóirí freagairt do na suíomhanna agus do thírdhreach saibhir cultúrtha na n-oileán. Tá sárthaispeántas de cheardaíocht chomhaimseartha agus amharc-ealaín cruthaithe acu, a thugann léargas ar chéadfacht na háite uathúla seo agus ar na daoine a mhaireann ann. Déanfar eispéiris dhigiteacha, fhisiceacha agus thadhlacha a mheascadh le chéile, agus cuirfidh an taispeántas siamsaíocht agus eolas ar fáil do lucht féachana i ngach aoisghrúpa chomh maith le hiontas a mhúscailt iontu.


Saorchead isteach

Máirt – Satharn

10am – 5pm

 

 

Turais threoraithe de MONUMENT

Tá turais ar fáil ó Mháirt go hAoine ón Máirt, an 21 Aibreán ar aghaidh. Le haghaidh breis eolais nó má tá ceist ar bith agat maidir le turas treoraithe, déan teagmháil leis an Músaem: museum@galwaycity.ie / (091) 532460

Oiriúnach do 8 mbl. +

Related Events