Share

Savage Beauty

Date 07.08.2020
Time
Venue Loch na Fuaiche

D’fhorbair an t-ealaíontóir clúiteach idirnáisiúnta Kari Kola a ghrá do bheith ag obair le solas ina Fhionlainn dhúchais, áit a mbíonn an fómhar agus an geimhreadh fada agus dorcha.

Idir an 14 – 17 Márta, léireoidh Kari Kola an saothar ealaíne suíomhoiriúnaithe is mó a rinne sé riamh.  Is suiteán soilsithe ollmhór atá 5km ar fad é Savage Beauty, a bheidh suite ar Cheann Garbh. Ag féachaint amach ar Loch na Fuaiche, loch i dtuaisceart Chonamara, le cuid den bhruach oirthuaisceartach suite ar theorainn Chontae Mhaigh Eo.

Tugann Gaillimh 2020 cuireadh duit sult a bhaint as Savage Beauty ar do sháimhín só, siúl sa dúlra, nuair a dhéanfaidh Kari Kola an tírdhreach a shoilsiú i scáthanna caolchúiseacha de dhath claochlach agus Ceann Garbh á ghealú aige.

 

Cuirfidh an saothar ealaíne iontach seo cuairteoirí faoi gheasa, agus tabharfaidh sé cuireadh dóibh cuairt a thabhairt ar an tírdhreach, smaoineamh ar an timpeallacht, trí eispéireas neamhshaolta solas-bhunaithe.


 

Is é an t-aon bhealach ar féidir cead isteach a fháil go Savage Beauty i bhfeithicil ná ar an mbus tointeála réamháirithe ón láthair um Páirceáil agus Taisteal. Láithreacha um Páirceáil agus Taisteal: Óstán Peacockes, an Teach Dóite; an Fhairche; an Líonán agus Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo.

Ní bheidh aon chead isteach ag carranna príobháideacha. 

 

Cosnóidh ticéid €6.50 an duine (móide táille áirithinte).   Cosnóidh ticéid teaghlaigh €25 (móide táille áirithinte) do theaghlach de chúigear. Beidh saorchead isteach do pháistí faoi 2 bhliain ach ní mór dóibh ticéad bheith acu.

 

 

 

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh na Ceisteanna Coitianta do Savage Beauty

Savage Beauty


Ticéad