Share

Sruth na Teanga

Date 15.08.2020
Time 12:00 PM
Venue Aerfort na Gaillimhe
Organiser Branar Téatar do Pháistí

Ag leanúint na treorach a d’eisigh Rialtas na hÉireann ar an 12 Márta maidir le bearta nua chun Covid-19 a choinneáil faoi smacht, tá cinneadh déanta ag Branar Téatar do Pháistí agus Gaillimh 2020 an t-imeacht seo a chur ar ceal.

Cé go bhfuil an-díomá ar Branar Téatar do Pháistí agus ar Ghaillimh 2020 go raibh orainn na cinntí seo a dhéanamh, is í sláinte an phobail an tosaíocht is mó atá againn agus ní mór dúinn comhairle an Rialtais a leanúint.

 


Bí le Branar Téatar do Pháistí ar eachtra thumthach amharclannaíochta trí scéal na Gaeilge i Sruth na Teanga.

Cruthóidh Branar saolta éagsúla, le gach ceann acu ag tabhairt léirmhíniú filíochta ar na tréimhsí ríthábhachtacha i saolré na teanga ársa seo.  Tugtar cuireadh don lucht féachana páirt a ghlacadh in eispéireas amharclannaíochta a fhanfaidh sa chuimhne go brách. Ar an gcosán draíochtúil seo, rachaidh siad isteach i saolta samhlaíocha ina músclófar an tírdhreach, an stair agus na fórsaí a mhúnlaigh an Ghaeilge, ceann de dheich gcinn de na teangacha is ársa a labhraítear sa lá atá inniu ann.

Glac páirt in eachtra fhíorspeisialta ina mbeidh maisíochtaí ar leibhéil scánnánaíochta. Téigh ar an gconair ó sheomra go seomra, áit a mbeidh cúig eispéireas osnádúrtha le taibhléiriú beo, puipéadóireacht, ceol, teilgmhapáil, dearadh a bhainfidh an anáil díot agus íomhánna áille. Tá bua scéalaíochta den chéad scoth ag Branar agus níl amhras ach go mbeidh an lucht féachana faoi gheasa ag an mórléiriú iontach seo. In oiriúint do pháistí os cionn ocht mbliana d’aois agus do dhaoine fásta araon.

 


Fad reatha 50 nóiméad. Léirithe éagsúla i rith an lae.

 

Léirithe Scoileanna
Daltaí €7, Saorchead isteach do mhúinteoirí – sruthnateanga.ie

Léirithe Teaghlaigh
Páiste €8, Duine fásta €11, Teaghlach (ceathrar) €34

 

Sruth na Teanga

21 - 22 Márta


Ticéad
Related Events