Share

Sruth na Teanga

Date 07.03.2020
Time 12:00 PM
Venue Aerfort na Gaillimhe
Organiser Branar Téatar do Pháistí

Bí le Branar Téatar do Pháistí ar eachtra thumthach amharclannaíochta trí scéal na Gaeilge i Sruth na Teanga.

Cruthóidh Branar saolta éagsúla, le gach ceann acu ag tabhairt léirmhíniú filíochta ar na tréimhsí ríthábhachtacha i saolré na teanga ársa seo.  Tugtar cuireadh don lucht féachana páirt a ghlacadh in eispéireas amharclannaíochta a fhanfaidh sa chuimhne go brách. Ar an gcosán draíochtúil seo, rachaidh siad isteach i saolta samhlaíocha ina músclófar an tírdhreach, an stair agus na fórsaí a mhúnlaigh an Ghaeilge, ceann de dheich gcinn de na teangacha is ársa a labhraítear sa lá atá inniu ann.

Glac páirt in eachtra fhíorspeisialta ina mbeidh maisíochtaí ar leibhéil scánnánaíochta. Téigh ar an gconair ó sheomra go seomra, áit a mbeidh cúig eispéireas osnádúrtha le taibhléiriú beo, puipéadóireacht, ceol, teilgmhapáil, dearadh a bhainfidh an anáil díot agus íomhánna áille. Tá bua scéalaíochta den chéad scoth ag Branar agus níl amhras ach go mbeidh an lucht féachana faoi gheasa ag an mórléiriú iontach seo. In oiriúint do pháistí os cionn ocht mbliana d’aois agus do dhaoine fásta araon.

 


Fad reatha 50 nóiméad. Léirithe éagsúla i rith an lae.

 

Léirithe Scoileanna
Daltaí €7, Saorchead isteach do mhúinteoirí – sruthnateanga.ie

Léirithe Teaghlaigh
Páiste €8, Duine fásta €11, Teaghlach (ceathrar) €34

 

Sruth na Teanga

7 Márta


Ticéad
Related Events