Share

Viriditas

Date 17.02.2020 - 21.02.2020
Time
Venue University Hospital Galway

Arna chur i láthair ag Saolta Arts agus Gaillimh 2020.

Is imeacht dúnta é seo agus níl sé ar oscailt don phobal.

 

Timthriall amhránaíochta is ea Viriditas a chum an t-ealaíontóir agus an t-amhránaí clúiteach Éireannach Ceara Conway, i ndiaidh próiseas rannpháirtíochta ag Ospidéil na hOllscoile, Gaillimh.

Trí amhráin nuachumtha chomhaimseartha agus amhráin thraidisiúnta Eorpacha leighis ón tSeoirse agus ón Iodáil a fhí le chéile, déantar iniúchadh ar chleachtais leighis agus folláine, agus ar an tionchar a bhíonn ag córais ar spiorad agus ar shláinte na ndaoine a mhaireann agus a oibríonn taobh istigh díobh.

Tugann Viriditas an t-éisteoir ar thuras draíochta trí amhráin a fuair spreagadh ó chomhráite leis an bhfoireann, le hothair agus ó thaifeadadh ar threalamh ospidéil. San áireamh tá amhráin a cheiliúrann an bheatha agus fórsa beatha, na hairíonna leighis a bhaineann le plandaí agus caointe faoin mbaol atá ann faoi láthair go ndéanfar iad a dhíothú.

Déanfar é a chur i láthair mar shraith de léirithe ar fud bardaí agus seomraí feithimh in ospidéil phoiblí na Gaillimhe. Agus, beidh Viriditas ar fáil ar líne ag saoltaarts.com ar an 24 Feabhra, agus mar CD agus mar fhoilseachán le léaráidí, ina gcuirfear ‘cumhacht an ghlasaithe’ os comhair pobal níos leithne.

 

 

Príomh-ealaíontóir/cumadóir/taibheoir Ceara Conway
Taibheoir Anna Mullarkey
Ceoltóirí John Lillis agus Francesco Turissi
Maisitheoir Ann Mc Bride

 


Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, Ospidéal na hOllscoile, Páirc Mhuirlinne 17–21 Feabhra

Béal Átha na Sluaighe 26 Feabhra

 

 

Related Events