Share

Wild Atlantic Sea Swim

Date 08.03.2020
Time 05:00 PM
Venue Traught Beach
Organiser Pier to Pier Kinvara
Kinvara Pier to Pier Group, arna mhaoiniú faoi chlár Bhailte Beaga Smaointe Móra de chuid Ghaillimh 2020.

Gach uile lá, téann daoine crua ag snámh san fharraige chéanna, iad ag siúl thar na duirlingí céanna agus á gcaitheamh féin isteach san Atlantach Fiáin – é garbh agus donn mheirgeach, chomh glas agus chomh cothrom le linn mhuilinn, dath liath an mhiotail air, dath néamhann, nó dath an airgid. Tagann snámhóirí farraige i ngach áit amach as an bhfarraige, snas ina gcraiceann agus iad athmhúscailte tar éis a gcuid snámha.

In éineacht lenár gcairde i Pier to Pier Kinvara agus an tionscadal Bailte Beaga Smaointe Móra Ghaillimh 2020 atá acu, tugaimid cuireadh do shnámhóirí rialta nach bhfuil fuacht ná faitíos orthu iad féin a thumadh san Atlantach Fiáin chun comóradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan in éineacht leis an snámhóir farraige Ruth Fitzmaurice, a scríobh I Found My Tribe. Beidh rann, deasghnáth agus anraith te le fáil ina dhiaidh.

 

Lean Pier to Pier Kinvara ar Facebook.