Medtronic, Comhpháirtí Oifigiúil um Chlár na nOibrithe Deonacha de chuid Ghaillimh 2020 – na Maidhmeadóirí.
Seasann na Maidhmeadóirí d’fhuinneamh suaiteach dearfach agus cuireann siad athrú i bhfeidhm.
Má dhéanann tú obair dheonach le Gaillimh 2020, beidh tú ar dhuine de theaghlach Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa, agus seans agat do chion féin a dhéanamh do Ghaillimh agus an deis iontach seo á tapú againn.
Cén fáth ar chóir duit oibriú go deonach le Gaillimh 2020?
Buail le daoine
Deiseanna iontacha chun cairde nua a dhéanamh, caidrimh nua a chothú agus foghlaim faoi chultúir eile.
Foghlaim scileanna nua
Aimsigh buanna nua, foghlaim rud éigin nua, cuir barr feabhais ar do chuid scileanna cumarsáide
Glac páirt i do Phobal
Bíodh dea-thionchar agat ar shláinte phobail Chathair agus Chontae na Gaillimhe a fheabhsú
Bí páirteach i gcomhluadar Ghaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa.
Trí bheith i do Mhaidhmeadóir, beidh fáil agat ar ghnéithe éagsúla den chlár agus beidh ról gníomhach agat i dtionscadail chruthaitheacha
Bí páirteach in imeacht nach ndéanfaidh tú ach uair amháin i do shaol
Mothaigh na sceitimíní agus tú páirteach i sraith imeachtaí ar feadh na bliana mar chuid de Phríomhchathair Chultúir na hEorpa
Neart spraoi
Bain sult as, déan gáire, buail le daoine, beannaigh do dhaoine agus aimsigh agus roinn cuimhní nach ndéanfaidh tú dearmad orthu go deo
Le réimse iontach imeachtaí ag tarlú i rith 2020, beidh deis ag oibrithe deonacha dul i mbun róil éagsúla, mar a leanas: