Ba í Aire Cultúir na Gréige a bhí ann ag an am, Melina Mercouri, a chuir tús leis an tionscnamh i 1985. Is éard atá i gceist leis ná réigiúin faoi leith a chur i lár an aonaigh maidir le saol chultúrtha na hEorpa. Trí mheán an chultúir agus na healaíne, cuireann Príomhchathracha Chultúir na hEorpa leis an gcaighdeán maireachtála sna réigiúin seo agus le buanseasmhacht an phobail.
“Is féidir le muintir na gcathracha sin páirt a ghlacadh in imeachtaí i rith na bliana sin agus páirt níos lárnaí a ghlacadh i bhforbairt agus i saol cultúrtha a réigiúin.
Cuireann Príomhchathair Chultúir na hEorpa beocht sna réigiúin seo agus borradh faoina bhforbairt chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíochta.”
Is í an fhís ealaíonta dár gclár cultúrtha ná go mbainfeadh sé go sainiúil le Gaillimh, cé go mbeidh sé dírithe ar ardán Eorpach agus go mbeidh tacaíocht á fháil aige ó chomhpháirtithe agus ó chomhoibrithe ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.
Is í an Mhaidhmeadóireacht coincheap Ghaillimh 2020. Tá sé dírithe ar bhealaí nua smaointeoireachta, bealaí nua oibre, comhráití nua agus comhpháirtíochtaí úra a chinnteoidh go gcuirfear leis an gcruthaitheacht i nGaillimh.
Tógfaidh muid ar chaidreamh, agus spreagfaidh agus tacóidh muid le daoine sa bhliain amach romhainn le cinntiú gur clár uaillmhianach a bheidh againn. Ba mhaith linn díriú ar cheisteanna a bhaineann leis an Eoraip ar fad, agus ní le Gaillimh amháin. Tagann téamaí Ghaillimh 2020 – Imirce, Tírdhreach agus Teanga – go beacht leis seo.
ag ceiliúradh éagsúlacht chultúrtha san Eoraip agus i gCathair agus i gContae na Gaillimhe;
ar imeall thiar na hEorpa, tá Gaillimh ag obair i gcomhar lena gcomhpháirtithe Eorpacha chun dúshlán a thabhairt do shaoránaigh agus iad a spreagadh i rith 2020 fud fad a tírdhreacha tuaithe agus mara;
Ag cur teangacha éagsúla a labhraítear san Eoraip agus i nGaillimh chun cinn, beidh cúrsaí teanga chun tosaigh sna thionscnaimh agus spreagfar daoine chun glacadh leo agus an oiread teangacha agus is féidir leo a labhairt.