Táimid ar an eolas maidir le cás an choróinvíris atá ag forbairt an t-am ar fad, agus is iad sláinte agus sábháilteacht ár n-aíonna an rud is tábhachtaí dúinn. Tá athbhreithniú agus monatóireacht á ndéanamh againn ar an gcás, bunaithe ar an treoir náisiúnta, agus tá na bearta maolaitheacha riachtanacha á gcur i bhfeidhm againn do dhaoine a bheidh ag freastal ar imeachtaí, bearta atá ar aon dul leis an gcleachtas is fearr agus le treoirlínte ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na húdaráis chuí.
Beidh glóthaigh dhíghalraithe agus boscaí bruscair le fáil réidh le ciarsúir pháipéir ag suíomhanna éagsúla – ag na láithreacha um páirceáil agus taisteal, na pointí bailithe agus ar fud an tsuímh. Déanfar na háiseanna go léir, na busanna um páirceáil agus taisteal san áireamh, a dhíghalrú de réir an dea-chleachtais agus treoirlínte.
Cuirfear réamhchúraimí eile i bhfeidhm maidir le líon na ndaoine i scuainí a choinneáil chomh híseal agus is féidir, ionas nach mbeidh slua mór daoine cruinnithe le chéile in aon áit amháin.
Sa bhreis air sin, iarraimid ar gach duine a bheidh ag freastal ar an imeacht bheith ar an eolas maidir lena gcuid freagrachtaí féin i dtaobh treoirlínte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Má tá tú féin leochaileach nó mura bhfuil tú ag aireachtáil go maith agus/nó má bhí tú in áit ardriosca le 14 lá anuas, iarrtar ort gan freastal ar an imeacht. Déan teagmháil le tickets@galway2020.ie má tá imní ar bith ort.
Is é an t-aon bhealach ar féidir cead isteach a fháil go Savage Beauty i bhfeithicil ná ar an mbus tointeála réamháirithe ón láthair um Páirceáil agus Taisteal. Láithreacha um Páirceáil agus Taisteal: Óstán Peacockes, an Teach Dóite; an Fhairche; an Líonán agus Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Ní bheidh aon chead isteach ag carranna príobháideacha.
Is turas thart ar 15-30 nóiméad é an turas tointeála chuig Savage Beauty ó gach ceann de na láithreacha um Páirceáil agus Taisteal. Ní mór réamháirithint a dhéanamh https://galway2020.ticketsolve.com/shows?tag=karikola.
Le haghaidh áirithintí do chathaoireacha rothaí, déan teagmháil le access@galway2020.ie.
Tá sé mar chuspóir ag Gaillimh 2020 nach gcuirfear isteach go mór ar mhuintir na háite – dáilfear bileog eolais le sonraí chuig na tithe go léir sa cheantar roimh an ócáid, ina mbeidh pacáiste eolais agus pas feithicle chun go mbeidh muintir na háite in ann a mbealach a dhéanamh chuig a dtithe go héasca.
Cuimsíonn costas na dticéad páirceáil agus iompar ar an mbus chuig limistéar féachana Savage Beauty. Is turas siúil féintreoraithe feadh an L1601 é Savage Beauty.
€6.50 an duine (móide táille áirithinte). Ticéid teaghlaigh €25 (móide táille áirithinte) do theaghlach de chúigear. Beidh saorchead isteach do pháistí faoi 2 bhliain ach ní mór dóibh ticéad bheith acu.
Níl ach líon teoranta ticéad do gach sliotán ama. Is cuma cén t-am iontrála atá ar do thicéad, féadfaidh tú fanacht chomh fada agus is mian leat go dtí go bhfágfaidh na busanna deireanacha ag 11pm ó do phointe bailithe. Ní mór ticéid a cheannach ar líne roimh ré. Ní mór réamháirithint a dhéanamh.
Is é an t-aon bhealach le dul chuig Savage Beauty i bhfeithicil ná ó cheann amháin de na láithreacha um Páirceáil & Taisteal: Óstán Peacockes, an Teach Dóite; an Fhairche; an Líonán agus Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo.
TÁBHACHTACH: Is é an t-aon bhealach ar féidir cead isteach a fháil go Savage Beauty i bhfeithicil ná ar an mbus tointeála réamháirithe ón láthair um Páirceáil agus Taisteal. Ní bheidh aon chead isteach ag carranna príobháideacha.
Cuimsíonn do thicéad soláthar páirceála ag ceann amháin de na láithreacha um Páirceáil & Taisteal.
Tá seirbhísí teoranta ar bhusanna áitiúla ó Chathair na Gaillimhe go dtí Óstán Peacockes, an Teach Dóite.
Tá míle fáilte romhat siúl nó dul ar rothar chuig suiteán Savage Beauty. Má tá tú ag teacht i gcarr ar dtús, tabhair faoi deara nach féidir páirceáil ach amháin i gceann de na láithreacha ainmnithe um Páirceáil & Taisteal.
Fágfaidh na busanna na láithreacha um Páirceáil & Taisteal ar bhonn rialta i rith an tráthnóna. Fágfaidh an chéad bhus ag 5.30pm agus fágfaidh an bus deireanach ag 10.00pm.
Beidh na busanna deireanacha ó Savage Beauty ag filleadh ar na láithreacha um Páirceáil & Taisteal ag fágáil ag 11pm agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí go mbeidh gach duine ar ais ag na láithreacha um Páirceáil & Taisteal.
Ní mór ticéid a cheannach roimh ré ag https://galway2020.ticketsolve.com/shows?tag=karikola. Ní bheidh aon ticéid ar díol ag an suíomh.
Tá míle fáilte roimh chuairteoirí grianghraif/físeáin a thaifeadadh le trealamh láimhe agus tríchosaigh ach ní cheadaítear ag Savage Beauty úsáid a bhaint as dróin, soilsiú, ná aon trealamh fairsing ar an suíomh.
Tabhair faoi deara gur ócáid phoiblí é seo agus go mbeidh scannánú agus grianghrafadóireacht ar bun ar mhaithe leis na meáin agus le poiblíocht.
Beidh
Is suiteán ealaíne amuigh faoin aer é Savage Beauty. Toisc nach bhfuil aon áiseanna stórála ann, beidh ort do mhálaí a iompar timpeall an tsuímh. Ná tabhair peataí, lanna rollála, cláir scátála ná scútair leat agus ní cheadaítear dróin ar an suíomh.
Is suiteán ealaíne féintreoraithe é Savage Beauty. Tá míle fáilte romhat fanacht agus sult a bhaint as an 5km ar fad de Savage Beauty ar do sháimhín só. Beidh an bus deireanach chuig do láthair ainmnithe um Páirceáil & Taisteal ag fágáil Savage Beauty ag 11pm. Fágfaidh na busanna go léir chuig na láithreacha um Páirceáil & Taisteal ó na háiteanna céanna a fhágfar tú nuair a leaindeálfaidh tú.
Is suiteán soilsithe amuigh faoin aer é Savage Beauty a bheidh ar siúl um thráthnóna. Níl aon fhoscadh ar an suíomh. Is féidir leat an méid ama agus is mian leat a chaitheamh ar an suíomh agus siúl fad an tsuiteáin de réir mar is mian leat. Moltar súil a choinneáil ar thuar na haimsire chun a chinntiú go mbeidh na héadaí cuí ort. Coinnigh tú féin breá te, beir leat éadaí báistí agus caith bróga uiscedhíonacha compordacha.
Beidh an ócáid seo amuigh faoin aer agus molaimid duit éadaí te a chaitheamh. Ní ceart go gcuirfeadh an ghaoth ná an bháisteach isteach ar an ócáid ach ní rachaidh sé ar aghaidh má tá foláireamh oráiste nó dearg ann. Beidh an limistéar féachana ar thaobh an bhóthair mar sin beidh an talamh go breá.
Ní dhéanfar aon aisíoc ná malartú ach amháin má chuirtear an ócáid ar ceal de bharr foláireamh aimsire.
Ní dhéanfar aon aisíoc ná malartú ach amháin má chuirtear an ócáid ar ceal de bharr foláireamh aimsire.