Le linn chlár Ghaillimh 2020, tagann beocht i dtéamaí na teanga, an tírdhreacha agus na himirce. Bunaithe ar an seanfhéilire Ceilteach – Imbolc, Bealtaine, Lughnasa agus Samhain – cuirfear tús le Gaillimh 2020 i mí Feabhra agus rachaidh sé ar aghaidh go dtí deireadh mhí Eanáir 2021.
I rith na bliana, reáchtálfar imeachtaí ag ealaíontóirí ar Ghaillmhigh go smior iad, fite fuaite le léargas ón taobh amuigh, mar a thugann ealaíontóirí Eorpacha a léirmhínithe ar na téamaí seo.