Is fiontar uaillmhianach é Gaillimh 2020 ar scála domhanda agus beidh gá le tacaíocht airgeadais agus le hinfheistíocht na gcomhpháirtithe corparáideacha lena chinntiú go mbeidh rath leanúnach agus oidhreacht fhadtéarmach aige.
Is féidir leat féin agus le do ghnó a bheith mar chuid den bhliain spreagúil seo agus cuimhní áille a chruthú, le linn do Ghaillimh a bheith ag tarraingt aird na hÉireann, na hEorpa agus an domhain mhóir uirthi féin.
Más maith leat tacú le cuid den chlár ealaíne, dul i bhfeidhm ar do chuid cliant le fáilteachas ar ardchaighdeán, luach saothair a thabhairt do d’fhoireann nó spriocanna freagrachta corparáidí sóisialta (CSR) a bhaint amach, is féidir le Gaillimh 2020 cuidiú leat.
Mar chúiteamh ar do thacaíocht, is féidir linn toradh fiúntach a thabhairt ar d’infheistíocht i dtaca le cuspóirí tráchtála agus freagrachta corparáideacha le cearta comhpháirtíochta tarraingteacha lena n-áirítear:
-Deis chun líonra a chruthú le páirtithe leasmhara ag leibhéal ard/boird;
-Do phróifíl/bhranda a bheith feiceálach mar chuid d’fheachtas ilghnéitheach preasa agus margaíochta;
-Deiseanna do bhranda a chur chun cinn ar bhealaí láthair-bhunaithe mar chuid de mhór-imeachtaí 2020;
-Fíor-láithreacht dhigiteach agus infheictheacht maidir le tacú le ríomh-chomharthaí lena n-áirítear láithreán gréasáin Ghaillimh 2020, na meáin shóisialta agus r-nuacht;
-Tosaíochtaí carthanachta agus CSP a chomhtháthú agus a ailíniú agus foireann agus comhpháirtithe pobail a mhealladh chun bheith páirteach i gclár 2020;
-Deiseanna fáilteachtais chorparáideacha chun imeachtaí eisiacha siamsaíochta a chur san áireamh mar aon le ticéid agus cuirí chuig imeachtaí speisialta Ghaillimh 2020;
-Rochtain ar shócmhainní ábhar branda tarraingteach de chuid Ghaillimh 2020 chun tacú le cumarsáid le do pháirtithe féin agus í a neartú
Chun réimse iomlán na ndeiseanna a iniúchadh agus chun cuidiú le fís Ghaillimh 2020 a fhíorú, déan teagmháil le: