COVID-19 Updates

OIFIG GHAILLIMH 2020 DÚNTA
De réir na moltaí ón Rialtas maidir le daoine bheith ag obair as baile, beidh oifigí Ghaillimh 2020 dúnta.
Más gá duit teagmháil a dhéanamh linn, seol r-phost chuig hello@galway2020.ie nó glaoigh ar 091 412450, Luan go hAoine 9am – 5.30pm
Go raibh maith agat.

 

 

Ráiteas ó Ghaillimh 2020

30 Aibreán 2020: Dheimhnigh Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa go bhfuil siad tagtha ar chomhaontú leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta dul i gcomhairle le comhpháirtithe cultúrtha Ghaillimh 2020 chun iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le clár imeachtaí athshamhlaithe a chur ar siúl sna míonna deireanacha den bhliain seo agus go luath in 2021.

Oibreoidh Gaillimh 2020 le comhpháirtithe cultúrtha áitiúla agus náisiúnta a bhfuil socruithe foirmiúla déanta leo, chun an clár athshamhlaithe seo a chur i gcrích, agus breathnóidh Gaillimh 2020 freisin ar an bhféidearthacht a bhaineann le hábhar a fheiceáil agus a bhrath i bhformáid dhigiteach.  Tá Gaillimh 2020 dírithe ar an líon is mó is féidir de na tionscadail sa leabhar tairisceana a sholáthar, agus mórán díobh sin á gcur ar fáil ag comhpháirtithe cultúrtha áitiúla.

Ó tharla go bhfuil laghdú níos forleithne tagtha ar an maoiniú don tionscadal agus go bhfuil Gaillimh 2020 meáite ar chlár athshamhlaithe a sholáthar, tá cinneadh an-deacair déanta ag Bord Ghaillimh 2020 laghdú suntasach a dhéanamh ar an bhfoireann atá ag obair ar an tionscadal.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Arthur Lappin, Cathaoirleach Ghaillimh 2020, agus é ag tagairt don fhógra; “Tá paindéim COVID-19 tar éis saol gach duine againn a athrú. Ní raibh baol dá laghad go bhféadfadh Gaillimh 2020 éalú ón athrú sin. Tá an Bord den tuairim gur dearbhú ar an obair atá á pleanáil ag ár gcomhpháirtithe cultúrtha, an comhaontú atá déanta leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Fáiltítear go mór roimh an dearbhú sin agus tugann an comhaontú deis dúinn bealach nua chun cinn a leagan amach. Beidh eagraíocht i bhfad níos lú ag teastáil don obair a bheidh le déanamh againn amach anseo, agus is mór an chúis díomá don Bhord nach bhféadfar gach ball den fhoireann a choinneáil agus muid ag bogadh chun cinn.  Táimid thar a bheith buíoch dár mbaill foirne go léir as ucht an obair chrua atá déanta acu agus as a dtiomantas don togra seo.   Déanfaimid iniúchadh ar chlár imeachtaí, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe cultúrtha, a chuirfear i láthair ag deireadh na bliana seo agus ag tús na bliana seo chugainn, clár a bheidh níos lú, áfach, ná an clár a samhlaíodh i dtús báire. Déanfaidh an clár sin ceiliúradh ar an bhfuinneamh agus ar an ardéirim chultúrtha atá sa chathair agus sa chontae seo againne, tabharfaidh sé ardú meanman don phobal cruthaitheach agus dá lucht féachana, agus fágfaidh sé oidhreacht ina dhiaidh ar féidir linn bheith bródúil aisti.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D.; Táim sásta inniu mo thacaíocht leanúnach do Ghaillimh 2020 agus do chlár leasaithe Ghaillimh 2020 a dheimhniú, clár is féidir a sholáthar ag teacht le treoracha maidir le sláinte phoiblí. Cinnteoidh sé sin gur féidir mórán de ghnéithe an chláir a sholáthar go fóill agus gur féidir le lucht féachana in Éirinn agus i gcéin taitneamh a bhaint astu. Ag an am seo, agus tionchar an-mhór ag COVID-19 ar earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir, tabharfaidh an fhéidearthacht a bhaineann le tionscadail a sholáthar tacaíocht dár bpobal ealaíon agus dóibh siúd atá ag cleachtadh sna healaíona agus é sin chomh tábhachtach céanna. Is mór an trua gur gá ligean le daoine agus is mian liom a dheimhniú do na hoibrithe go léir a mbaineann sé leo go mbeidh na tacaíochtaí COVID-19 ábhartha ar fáil dóibh.

CRÍOCH

7 Aibreán 2020: Níor fhág paindéimeach COVID-19 aon ghné dár saol slán sábháilte muid. Ar fud an domhain, tá pobail ag déanamh an méid atá de dhíth chun an víreas a mhoilliú agus saolta a shábháil. Tá tionchar suntasach aige seo, a leanfaidh ar aghaidh, ar an saol eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha i ngach áit. Tá impleachtaí ag na srianta riachtanacha a chuireadh i bhfeidhm maidir le cruinnithe, aonrú sóisialta agus taisteal náisiúnta agus idirnáisiúnta ar conas is féidir le heagraíochtaí oibriú agus ciallaíonn sé seo go gcaithfidh Gaillimh 2020 athbhreithniú a dhéanamh ar thodhchaí ár gclár.

Mar fhreagra ar nádúr na géarchéime seo atá gan réamhshampla, tá Bord Gaillimh 2020 ag obair le laethanta agus seachtainí anuas chun cinntí tábhachtacha a dhéanamh faoi thodhchaí ár gclár.

Tá dlúthchomhairliúchán i gceist leis an obair seo lenár bpáirtithe leasmhara – An Coimisiún Eorpach, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, urraí agus ár gcomhpháirtithe cultúrtha go léir lenár oibrigh muid go dtí seo agus a raibh beartaithe againn oibriú leo le linn na bliana seo. Tá súil againn go mbeidh clár imeachtaí atá inmharthana, bríomhar ach dar ndóigh a bheidh giorraithe ag tarlú níos déanaí sa bhliain mar thoradh air sin. Tá tús curtha againn leis an bpróiseas cumarsáide leis na comhpháirtithe sin nach mbeidh a dtionscadail san áireamh sa chlár giorraithe agus táimid ag plé leis na comhpháirtithe sin a bhfuil a dtionscadail, cé athshamhlaithe, ach tá súil againn go gcuirfear san áireamh iad.

Mar chuid den ghiorrú a chuirfear i bhfeidhm ar ár gclár táimid ag cur clár shealadach ligean chun bealaigh trí seachtainí i bhfeidhm do chách ach amháin creatlach d’fhoireann, ó inniu ar aghaidh. Tá cinneadh an-deacair déanta againn freisin deireadh a chur lenár gconradh le Artichoke. Tá an-díomá orainn go raibh orainn na cinntí seo a dhéanamh. Is mian le Gaillimh 2020 aitheantas a thabhairt don bhfoireann go léir agus go háirithe don Stiúrthóir Cruthaitheach Helen Marriage agus don fhoireann ag Artichoke as a gcuid oibre crua agus a dtiomantas do Ghaillimh 2020. Chuir Helen, ag obair le foireann Gaillimh 2020, clár iontach cultúrtha imeachtaí ar fáil, a chuirfeadh go leor chuimhneacháin agus eispéiris chultúrtha iontacha ar fáil do na pobail áitiúla ar fud chathair agus chontae na Gaillimhe.

Ag labhairt dó ar shon an Bhoird, dúirt an Cathaoirleach, Arthur Lappin;

“Táimid aireach faoin misean atá mar bhonn agus thaca ag Gaillimh 2020 ón tús – chun clár a chur ar bun a dhéanfaidh ceiliúradh ar chruthaitheacht na Gaillimhe ag a bhfuil clú ar, dul i ngleic le pobail ar fud na Cathrach agus an Chontae chun cleachtas cultúrtha láidir agus buan a éascú, agus chun an dúshraith a leagan síos d’oidhreacht inbhuanaithe d’oibrithe cultúrtha agus do phobail chultúrtha sa todhchaí i bhfad amach romhainn. Is dúshláin shuntasacha nua, airgeadais agus ama iad cúinsí a eascraíonn as an éigeandáil Coróinvíreas, rud a fhágfaidh go mbeidh athruithe neamh-inmhianaithe agus pianmhara ar ár bpleananna. Déanfaimid ár ndualgaisí a fheidhmiú ar bhealach coinsiasach agus éifeachtach laistigh de na hacmhainní agus na srianta a ghearradh orainn. Tá sé tábhachtach a rá gurb iad na cinntí atá á dhéanamh againn anois an t-aon bealach gníomhaíochta is féidir linn a dhéanamh go freagrach sna cúinsí reatha. Leanfaidh Bord Gaillimh 2020 ag dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara sna seachtainí amach romhainn chun cinntí níos fadtéarmaí a dhéanamh i bhfianaise na srianta maoinithe agus ama agus cuirfear ráiteas poiblí eile amach nuair a bheidh an obair sin críochnaithe”.

CRÍOCH

 

24 Márta 2020: Reáchtáil Bord Ghaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa, cruinniú inniu chun plé a déanamh ar chás Covid 19 atá ag forbairt agus ag athrú de shíor, agus ar an gcaoi a mbeimid in ann gluaiseacht chun cinn sna laethanta seo, a leithéidí nach bhfacthas riamh roimhe.

Mar gheall ar na dúshláin neamhghnácha atá romhainn agus an amlíne nach féidir a thuar mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte poiblí seo, rinne bord Ghaillimh 2020 inniu an cinneadh go mbeadh gá le gearradh suntasach ar an gclár.  Déanfar na cinntí go han-luath, beidh siad ag teacht le beartas an Rialtais, agus déanfar iad ar mhaithe le sláinte an phobail, ár bhfoirne, ár gcomhpháirtithe cultúrtha agus ár n-oibrithe deonacha. Cuirfear níos mó sonraí ar fáil sna laethanta atá romhainn.

Is mian le Bord Ghaillimh 2020 aitheantas a thabhairt agus buíochas a ghabháil lenár bhfoireann agus lenár gcomhpháirtithe cultúrtha as an obair dhíograiseach atá déanta acu agus a dtiomantas go dáta.

 

12 Márta 2020: Ag leanúint na treorach atá eisithe ag an Rialtas inniu maidir le bearta nua chun Covid-19 a choinneáil faoi smacht, tá athbhreithniú déanta ag Gaillimh 2020 i gcomhar lenár gComhpháirtithe Cultúrtha agus leis na healaíontóirí, ar ár n-imeachtaí go léir atá leagtha amach don tréimhse suas go dtí an 29 Márta. Cé go bhfuil an-díomá ar Ghaillimh 2020 agus ar ár gComhpháirtithe Cultúrtha go raibh orainn na cinntí seo a dhéanamh, is í sláinte an phobail an tosaíocht is mó atá againn agus ní mór dúinn comhairle an Rialtais a leanúint.

Tá tionchar ar na tionscadail seo a leanas:

Curtha ar athlá:
• The Deepest Shade of Green – West of Sumer, Saolta Arts, Seoladh agus Caint
• Northern Peripheries, Galway Stories Through A Lens, Lárionad Scannánaíochta na Gaillimhe, i gcomhar le Screen Talent Europe
• West Words, Apeirogon, Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe
• Comhaltas – Céilí ag an gCrosbhóthar, Maigh Cuilinn, 17 Márta
• Livefeed (Baile Locha Riach)
• Laurie Anderson, To The Moon, An Ceoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath
• Onside, FAI
• TULCA – Threads
• Immersive Classroom, OÉG
• Reimagine Loughrea, Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann
• Bailte Beaga Smaointe Móra – Scoil Náisiúnta Chill Tiarnáin

Tionscadail Curtha Ar Ceal
• Savage Beauty, Kari Kola – Déanfar teagmháil le gach duine a cheannaigh ticéad um páirceáil agus taisteal agus déanfar iad a aisíoc.
• Sruth Na Teanga – Branar
• Home Truths: Domestic Violence Response Exhibition
• Interaction, Seoladh Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe