Ní féile í Príomhchathair Chultúir na hEorpa, tá i bhfad níos mó ná sin i gceist. Beidh taispeántas urghnách d’imeachtaí ar siúl i mbliana ina léireofar saibhreas agus éagsúlacht chultúr agus mhuintir na Gaillimhe. Scaoilfear ár gclár uaillmhianach, a mbeidh an chuid is mó de saor in aisce, ar fud sráidbhailte agus bailte móra, sa chathair agus ar na hoileáin, agus i roinnt spásanna agus áiteanna gan aon choinne.
Is ionann Gaillimh 2020 agus oidhreacht na mblianta fada d’iarracht agus infheistíocht ealaíne i gcultúr na háite seo. Tá sé mar bhuaicphointe ar ar imigh romhainn agus í marchéim eile in aistear ár dtodhchaí a fhágfaidh bonneagar cultúrtha feabhsaithe agus feasacht mhéadaithe ar ról an chultúir sa tsochaí; sochaí a thuigeann ról na n-ealaíontóirí agus na féidearthachtaí a bhaineann leo. Le linn na bliana spreagúla seo cuirfear deiseanna iontacha ar fáil do dhaoine áitiúla chun rud éigin a chruthú agus a bheith rannpháirteach i rud faoi leith.
Is ceiliúradh é an clár seo ar ár gcathair, ár n-oileáin, ár gcontae, ár dteanga agus ar ár muintir, le samhlaíocht chomhchoiteann na Gaillimhe cruthaithí ar taispeáint feadh bliana draíochta amháin. Tá an chuid is fearr dár n-ealaíontóirí agus ár n-eagraíochtaí cultúrtha ann, in éineacht le healaíontóirí iontacha Eorpacha agus idirnáisiúnta a dhéanfaidh an chathair agus an tírdhreach a chlaochlú i dteannta a chéile.
Mar aitheantas ar ár dtraidisiúin stairiúla, tá an clár seo bunaithe ar na ceithre shéasúr tine i bhféilire réamh-Chríostaí na hÉireann, ag iniúchadh fhréamhacha na tíre bunaithe ar an gceiliúradh agus ar an gcomóradh. Tosaíonn sé i mí Feabhra 2020, mar a dhéanann an fhéile phágánach Imbolc, a léiríonn tús an earraigh lena ghealltanas do shaol agus tús nua.
Tar éis searmanas oscailte iontach amuigh faoin aer, leanfar den chlár i rith na bliana de réir na séasúr Ceilteach, Bealtaine, Lughnasa agus Samhain.
Is iad an Imirce, Tírdhreach agus Teanga na príomhthéamaí a shníonn trí Ghaillimh 2020 agus tá na trí cinn acu ag teacht le comhthéacs Eorpach ar bhonn níos leithne, ceann ina mbeidh Gaillimh ina fhócas cultúrtha in 2020. Déanann an imirce ceiliúradh ar stair na hÉireann agus ar éagsúlacht na gcultúr san Eoraip i gcomhthéacs Chathair agus Chontae na Gaillimhe, cathair inar rugadh 24 faoin gcéad den daonra inti lasmuigh d’Éirinn. Léiríonn
an tírdhreach seasamh na Gaillimhe ar imeall na hEorpa de réir mar a chomhoibríonn sí le comhpháirtithe Eorpacha chun na saoránaigh a mhealladh, a ndúshlán a thabhairt agus iad a bheith rannpháirteach feadh thírdhreach na tuaithe agus na mara. Cuireann teanga an éagsúlacht teangacha a labhraítear i nGaillimh agus ar fud na hEorpa chun cinn, ag ceiliúradh an róil lárnaigh a bhaineann leo inár gcultúir uathúla.
Tá béim ar leith ar an nGaeilge i gclár Ghaillimh 2020, lena dtreisítear Gaillimh mar phríomhchathair na Gaeltachta agus mar an t-aon chathair dhátheangach in Éirinn. Seasann Éire mar náisiún bródúil Eorpach. Tá na macallaí de sin le feiceáil inár rannpháirtíocht fhorleathan le breis agus 100 comhpháirtíocht, comhoibriú agus ealaíontóir ó os cionn 30 tír éagsúil. Ceapadh an clár chun a chinntiú go mbeidh ábharthacht inbhuanaithe
fhadtéarmach ag baint le gach tionscadal aonair don chathair agus don chontae araon. Arna chruthú ag pobail agus eagraíochtaí cultúrtha araon, tá ilchomhpháirtithe áitiúla ag baint le gach tionscadal chomh maith le meascán de chomhpháirtithe réigiúnacha nó Eorpacha.
Díríonn ár gclár freisin ar shaincheisteanna atá mar chuid de phlé níos leithne ar ábhair imní de chuid na hEorpa. Ag am ina bhfuil níos mó éiginnteachta polaitíochta, san Eoraip agus ar fud an domhain, ba mhaith linn ár machnamh a dhéanamh ar Éire an 21ú haois, cad is
brí le cultúr dúinn agus cad is brí le bheith Eorpach.
Tá sé ríthábhachtach do rath Ghaillimh 2020 oidhreacht bhuan a fhágáil le huacht ina diaidh, oidhreacht lena n-athrófar tírdhreach sóisialta agus bonneagair na Gaillimhe. Is mian linn aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna móra an lae – féiniúlacht, ár n-áit ar an domhan, an chaoi a dtugann muid aire dár gcuid acmhainní, an chaoi a mairimid lena chéile agus leis an dúlra, lenár stair agus ár dtodhchaí amach anseo. Is mian linn Gaillimh a fheiceáil ina dtiocfaidh borradh faoi ealaíontóirí óga, áit a dtagann pobail le chéile chun an saol a cheiliúradh. Is mian linn Gaillimh a fheiceáil ina dtugtar luach saothair don chruthaitheacht, áit a bhfuil cultúr ag croílár gach a ndéanaimid, áit a bhfuil an saol níos fearr do gach duine a mhaireann agus a thagann ar cuairt anseo.
Tá sé i gceist againn go mbeidh gach duine in Éirinn, san Eoraip agus ar fud an domhain ag féachaint i dtreo na Gaillimhe. Tugtar cuireadh do gach duine bheith linn in 2020. Tá sé geallta a bheith ar cheann de na tréimhsí is spreagúla i stair na Gaillimhe, agus de chumas aige ár dtírdhreach cultúrtha a athrú go brách.