Apeirogon – Colum McCann
Date | 20.01.2021 |
Venue | O'Donoghue Theatre |
Registration | Click here |
Event Page | Click here |
Arna chur i láthair ag Gaillimh 2020 i gcomhar le Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe
Sa chéad imeacht seo de chuid West Words, bí in éineacht leis an úrscéalaí clúiteach Colum McCann agus a úrscéal fíorspéisiúil nua Apeirogon á iniúchadh aige in éineacht le Síle Nic Chonaonaigh. Scairtfidh an t-imeacht solas ar na scéalta comónta a thrasnaíonn teorainneacha tíreolaíochta.
Leanann Apeirogon saol an Phalaistínigh Bassam Aramin agus an Iosraelaigh Rami Elhanan, agus déantar cur síos ar an gcaoi a ndéanann bás foréigneach a n-iníonacha Abir agus Smadar iad a nascadh le chéile, agus iad ag iarraidh feidhm a bhaint as a gcuid bróin mar uirlis chun troid a dhéanamh ar son na síochána.
Bhí Bassam Aramin agus Rami Elhanan le feiceáil ar an gclár faisnéise ‘An Balla’ a choimisiúnaigh TG4 in 2018 agus a chuir Síle Nic Chonaonaigh i láthair. Rinneadh an scannánú don chlár ar an teorainn idir an Phalaistín agus Iosrael. Taispeánfar ‘An Balla’ ar an oíche díreach roimh an léamh agus an comhrá faoi Apeirogon.
Ticéid €20/€15
Léiriú ‘An Balla’ – 7pm
Apeirogon – 8.30pm
Síniú Leabhair i ndiaidh na hócáide