Arna chur i láthair ag Comhaltas Contae na Gaillimhe i gcomhar le Gaillimh 2020.
Cuirfidh Comhaltas Contae na Gaillimhe athrú ó bhonn ar an gCrosbhóthar i Maigh Cuilinn in 2020.
Tar éis Mhórshiúl Lá Fhéile Pádraig, beidh an ceantar lán le spleodar agus le ceol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta na hÉireann agus an pobal ag teacht le chéile chun traidisiúin a cheiliúradh, ar traidisiúin iad atá chomh beoga sa lá atá inniu ann agus a bhí siad san am a caitheadh.