Roinn

Lá Spraoi sa Doineann

Date 28.10.2019
Time 11:00 AM
Venue Renville Park
Organiser Hope it Rains | Soineann nó Doineann

Lá Spraoi sa Doineann don Lá Saoire Bainc.

Tá sé beartaithe ag Hope it Rains | Soineann nó Doineann de chuid Ghaillimh 2020 leas a bhaint as an drochaimsir le lá spraoi amuigh faoin aer ar an Luan Saoire Bainc, an 28 Deireadh Fómhair.

Cuireann an lá SAOR IN AISCE seo de spraoi amuigh faoin aer do pháistí agus do theaghlaigh tús leis an tionscadal WeatherPlay and mar chuid den lá beidh péinteáil-báistí, biongó doininne, cistineacha dóibe, spraoi eachtraíochta le Venture Out, eitleogaíocht, spaisteoireacht aimsire, slaparnach slodán, tóg do réabaire uisce féin, agus go leor eile.

Beidh neart ar siúl do dhaoine fásta chomh maith, le ceachtanna ó shaineolaithe spraoi, ó ealaíontóirí agus ó ghníomhaithe maidir leis an gcaoi ar féidir linn níos mó deiseanna a chruthú do pháistí bheith ag spraoi amuigh faoin aer i nGaillimh.

Beidh saorchead isteach chuig na himeachtaí go léir, ach ní mór clárú roimh ré.  Tá tuilleadh eolais agus an sceideal iomlán ar fáil ar leathanach Eventbrite an tionscadail.

 

 

Íomhá: Paul Kinsella