Lóchrann Chonamara
Date | 23.06.2019 |
Time | 08:00 PM |
Venue | Maam Cross Livestock Market |
I mbliana ar Oíche Shin Seáin, glac páirt i gceiliúradh ar ár n-oidhreacht, ár dteanga agus ár gcultúr, le cor comhaimseartha.
Arna comhléiriú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige agus Comhairle Pobail na Fairche, is tionscadal é Lóchrann Chonamara de chuid chlár Ghaillimh 2020, Bailte Beaga Smaointe Móra, a chuimseoidh tine, ceol, damhsa, amharclannaíocht sráide agus bia, go léir ar shuíomh na Marglainne sa Teach Dóite.
Tá grúpaí pobail áitiúla ag obair i gcomhar leis an gcuideachta drámaíochta, Fíbín, an damhsóir comhaimseartha, Eoin Mac Donncha, agus na taibheoirí tine, Pyre Productions, chun tráthnóna iontach de shiamsaíocht amuigh faoin aer a chur i láthair.
Cuirfear tús leis an tráthnóna le ceol, agus lasfar an tine chnámh sa chlapsholas i searmanas mórthaibhseach. Déanfaidh baill ó chlubanna siúlóide áitiúla – Cumann Sléibhteoireachta Chonamara Theas, Galway Walking Club, Maamturks Walking Club, the Beanna Beola Hillwalking Club agus Corrib Ramblers – an lasair a iompar go siombólach trasna na sléibhte agus na portaigh ó na ceithre hairde de Chonamara.
Is ócáid saor in aisce amuigh faoin aer é seo, agus beidh fáilte roimh gach duine.
Lean Lóchrann Chonamara ar Facebook le haghaidh nuashonruithe.
An clár
8pm go dtí 9pm: Cillín
9pm go dtí 10pm: Clann Uí Íarnáin agus Don Stiffe
10pm go dtí meánoíche: Banna Céilí Cogar le haíonna speisialta
10.30pm: Tine chnámh le mórthaispeántas ag Fíbín agus damhsóirí óga ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán faoi stiúir an damhsóra, Eoin Mac Donncha.
Stainníní le bia mara úr agus uaineoil sléibhe ar fáil ó 7pm