Bí leis na coimeádaithe, Eithne Verling agus Sybil Curley, ar an turas speisialta seo de MONUMENT, taispeántas a dhéanann iniúchadh ar chuid de na séadchomharthaí cloiche is suntasaí san Eoraip atá lonnaithe ar chuid de na hoileáin is lú san Eoraip.
Ag díriú go príomha ar dhúnfoirt Árann i gCuan na Gaillimhe, léiríonn an taispeántas na pobail a chruthaigh na séadchomharthaí ollmhóra seo agus an obair thaighde a rinneadh i gcomhar leis na heolaithe agus leis na scoláirí – ag díriú ar an méid a tháinig slán agus ar an méid a cailleadh.
Beidh saorchead isteach ach ní mór clárú roimh ré.
Le haghaidh breis eolais nó chun áit a chur in áirithe, déan teagmháil leis an Músaem: museum@galwaycity.ie / (091) 532460