Roinn

Ragadawn (53° 16’N, Galway)

Date 08.03.2020
Time 07:40 AM
Venue Salthill
More Event page

Léiriú uathúil amuigh faoin aer le héirí na gréine is ea Ragadawn ón bhfile agus ón ealaíontóir fuaime Caroline Bergvall.
Tugann an saothar ilchéadfach seo do dhá ghlór beo – curfá glórach de mhórán teangacha taifeadta, in éineacht le saothar speisialta gutha do shoprán le Gavin Bryars – cuireadh don lucht féachana breacadh mall an lae a leanúint. Baineann sé feidhm as traidisiúin cheoil agus liteartha a bhaineann le breacadh an lae, idir shean agus nua, agus baineann sé ceol as nuatheangacha agus seanteangacha araon.

Baintear feidhm as patrúin anála, glór na filíochta, amhránaíocht, teangacha, minicíochtaí leictreonacha
agus fuaimeanna fánacha sa léiriú suíomhoiriúnaithe seo. Tugann Ragadawn chun cuimhne na patrúin thimthriallacha a nascann gach neach leis an nádúr agus leis an tsochaí, chomh maith le dúiseacht na hintinne agus na colainne.

Léiriú gutha atá cumhachtach agus tochtmhar agus a athnascann an lucht féachana le ham, áit agus lena chéile.

 

 


Outdoor Sunrise Performance Caroline Bergvall 
Vocal Composition Gavin Bryars
Soprano Peyee Chen
Sound Design Rebecca Horrox
Sound Engineer, Jeph Vanger
Funded under the Galway 2020 Small Towns Big Ideas programme

 

Image credit: Sophie Gerrard, Isle of Skye 2018

Ragadawn (53° 16’N, Galway)


Díolta Amach