D’fhorbair an t-ealaíontóir clúiteach idirnáisiúnta Kari Kola a ghrá do bheith ag obair le solas ina Fhionlainn dhúchais, áit a mbíonn an fómhar agus an geimhreadh fada agus dorcha.
Idir an 14 – 17 Márta, léireoidh Kari Kola an saothar ealaíne suíomhoiriúnaithe is mó a rinne sé riamh. Is suiteán soilsithe ollmhór atá 5km ar fad é Savage Beauty, a bheidh suite ar Cheann Garbh. Ag féachaint amach ar Loch na Fuaiche, loch i dtuaisceart Chonamara, le cuid den bhruach oirthuaisceartach suite ar theorainn Chontae Mhaigh Eo.
Tugann Gaillimh 2020 cuireadh duit sult a bhaint as Savage Beauty ar do sháimhín só, siúl sa dúlra, nuair a dhéanfaidh Kari Kola an tírdhreach a shoilsiú i scáthanna caolchúiseacha de dhath claochlach agus Ceann Garbh á ghealú aige.
Cuirfidh an saothar ealaíne iontach seo cuairteoirí faoi gheasa, agus tabharfaidh sé cuireadh dóibh cuairt a thabhairt ar an tírdhreach, smaoineamh ar an timpeallacht, trí eispéireas neamhshaolta solas-bhunaithe.
Is é an t-aon bhealach ar féidir cead isteach a fháil go Savage Beauty i bhfeithicil ná ar an mbus tointeála réamháirithe ón láthair um Páirceáil agus Taisteal. Láithreacha um Páirceáil agus Taisteal: Óstán Peacockes, an Teach Dóite; an Fhairche; an Líonán agus Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo.
Ní bheidh aon chead isteach ag carranna príobháideacha.
Cosnóidh ticéid €6.50 an duine (móide táille áirithinte). Cosnóidh ticéid teaghlaigh €25 (móide táille áirithinte) do theaghlach de chúigear. Beidh saorchead isteach do pháistí faoi 2 bhliain ach ní mór dóibh ticéad bheith acu.
Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh na Ceisteanna Coitianta do Savage Beauty
Warning: Illegal string offset 'lat' in /home/customer/www/galway2020.ie/public_html/wp-content/plugins/wp-event-manager-google-maps/shortcodes/wp-event-manager-google-maps-shortcodes.php on line 67
Warning: Cannot assign an empty string to a string offset in /home/customer/www/galway2020.ie/public_html/wp-content/plugins/wp-event-manager-google-maps/shortcodes/wp-event-manager-google-maps-shortcodes.php on line 67
Warning: Illegal string offset 'long' in /home/customer/www/galway2020.ie/public_html/wp-content/plugins/wp-event-manager-google-maps/shortcodes/wp-event-manager-google-maps-shortcodes.php on line 68
Warning: Cannot assign an empty string to a string offset in /home/customer/www/galway2020.ie/public_html/wp-content/plugins/wp-event-manager-google-maps/shortcodes/wp-event-manager-google-maps-shortcodes.php on line 68
Warning: Illegal string offset 'lat' in /home/customer/www/galway2020.ie/public_html/wp-content/plugins/wp-event-manager-google-maps/shortcodes/wp-event-manager-google-maps-shortcodes.php on line 79
Warning: Illegal string offset 'long' in /home/customer/www/galway2020.ie/public_html/wp-content/plugins/wp-event-manager-google-maps/shortcodes/wp-event-manager-google-maps-shortcodes.php on line 80