Sean-Nós faoi Bhláth
| Date | 06.10.2026 |
| Venue | Cathair na Gaillimhe |
| Organiser | Comhaltas Ceoltóirí na Gaillimhe |
Arna chur i láthair ag Comhaltas Contae na Gaillimhe i gcomhar le Gaillimh 2020.
Ag leanúint na treorach a d’eisigh an Rialtas maidir leis na beartais chun Covid-19 a choinneáil faoi smacht, is oth le Gaillimh 2020 a fhógairt go bhfuil an cinneadh déanta an t-imeacht seo a chur ar ceal. Gabh ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.
Beidh an ceiliúradh lae seo ar thraidisiún an tsean-nóis á chur i láthair ag agus cuirfidh sé brí agus anam sa Cheathrú Mheánaoiseach agus i gceantar an Chladaigh, i gcroílár Chathair na Gaillimhe.
Cuimsíonn an sean-nós an cineál amhránaíochta seanda gan tionlacan a théann siar na céadta blianta agus atá beo bríomhar go fóill i gcroílár ár bpobal. Is féidir le gach duine an cineál uathúil amhránaíochta agus damhsa seo a bhlaiseadh ar ardán oscailte ar Shráid an Phríomhgharda. Beidh deiseanna breise ag cuairteoirí iad féin a thumadh sa traidisiún má ghlacann siad páirt i gceardlanna a bheidh ar fáil saor in aisce ar an lá.
Sa tráthnóna, beidh an chuid is fearr den traidisiún á chur i láthair ag amhránaithe agus damhsóirí ar an sean-nós ag ceolchoirm bhríomhar a chuirfidh críoch leis an lá.
Ar deireadh, tabharfaidh Sean-Nós faoi Bhláth a thob-Ghaeltacht féin go dtí an chathair, áit a bhféadfaidh an pobal an Ghaeilge a chloisteáil, a fhoghlaim agus a labhairt.
Beidh na sonraí ar fad ar fáil ar galwaycomhaltas.ie.