Roinn

Searmanas Oscailte

Date 08.02.2020
Time 05:00 PM
Venue An Pháirc Theas, An Cladach
Organiser Gaillimh 2020
UPDATE
Tá an-díomá ar Ghaillimh 2020 a fhógairt go bhfuil an mórthaispeántas don Searmanas Oscailte curtha ar ceal tráthnóna inniu de bharr rabhadh géar aimsire náisiúnta atá i bhfeidhm le haghaidh inniu, anocht agus amárach. 
Ráiteas iomlán anseo.

Déanfar Cathair na Gaillimhe a athrú ó bhonn le solas tine, nuair a thiocfaidh cliar ó phobail éagsúla ar fud an chontae le chéile i mórthaispeántas iontach do Shearmanas Oscailte Ghaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa.

Ar thráthnóna, an 8 Feabhra, déanfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, Gaillimh 2020 a sheoladh go hoifigiúil ag an Searmanas Oscailte mórthaibhseach, chun tús oifigiúil a chur le bliain iontach na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa.

Beidh an ócáid seo amuigh faoin aer ar cheann de na himeachtaí is mórthaibhsí dá bhfacthas riamh i nGaillimh agus in Éirinn, agus beidh sé mar chlabhsúr ar shraith d’fhéilte lasracha, a bheidh ar siúl ar fud an chontae gach oíche sa chéad seachtain de mhí Feabhra. Ag tosú le searmanas baint móna ar Lá Fhéile Bríde, tabharfaidh an Turas Tine cliar bhríomhar le chéile as gach baile, agus iad ag cur brí nua i dtéamaí agus i dtraidisiúin áitiúla i dtaibhléiriú fíorspeisialta.

Bí ag súil le tine, taibhléiriú, ceol agus mórshiúlta lena linn. Is féidir leis an lucht féachana bheith ag súil le heispéireas iomlán tumthach, beidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh agus spraoi agus sult a bhaint as ócáid eisceachtúil.

 

4pm – Geataí ar oscailt ag an bPáirc Theas

5pm – Ceol beo

6pm – Cuirtear tús leis an Searmanas Oscailte

 


De bharr go mbeidh an t-imeacht seo ar siúl amuigh faoin aer, moltar do dhaoine bróga agus éadaí cuí a chaitheamh.

Beidh teorainneacha tráchta i bhfeidhm agus déanfar iad a fhógairt go háitiúil.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais, feic Ceisteanna Coitianta an tSearmanais Oscailte.

 

Beidh páirceáil inrochtana ar fáil gar don suíomh imeachta agus beidh limistéar féachana inrochtana ar an suíomh. Chun do spás páirceála agus d’áit féachana inrochtana a chur in áirithe, agus chun aon riachtanais inrochtana a phlé, cuir r-phost chuig access@galway2020.ie nó glaoigh ar Nollaig ag 091 412459.

 

Imeachtaí Gaolmhara