Seoladh Chlár Ghaillimh 2020
| Date | 18.09.2019 |
| Time | 06:00 PM |
| Venue | Eyre Square |
| Organiser | Gaillimh 2020 |
Tiocfaidh beocht san Fhaiche Mhór ar an gCéadaoin, an 18 Meán Fómhair nuair a bheidh ceiliúradh á dhéanamh ar sheoladh chlár Ghaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa.
Bígí linn ag an ócáid phoiblí seo, a bheidh mar cheiliúradh ar thús an aistir mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa.
Ócáid amuigh faoin aer, oiriúnach do theaghlaigh a bheidh ann. Beidh saorchead isteach don phobal agus beidh sí ar siúl ó thart ar 6.00pm go dtí 6.45pm ar an gCéadaoin, an 18 Meán Fómhair, ar an bhFaiche Mhór.