Turas Chonamara Seoladh an Mhapa
| Date | 16.02.2020 |
| Time | 11:30 AM |
| Venue | Scoil Náisiúnta Mhic Dara, An Cheathrú Rua |
| Organiser | Turas Chonamara |
Bí linn ag seoladh an mhapa dhigitigh chlosamhairc, Turas Chonamara. Fritheadh an t-ábhar ó Chois Fharraige go Carna i nGaeltacht Chonamara tríd an togra pobail agus oidhreachta, an Áit ab Áil Liom.
Faightear léargas ann ar shaibhreas cultúir, liteartha, teanga agus béaloidis an cheantair agus an ceangal atá idir na daoine agus an talamh.
Arna sheoladh ar an 16 Feabhra, is féidir an mapa a íoslódáil mar aip agus taitneamh a bhaint as ar do sháimhín só. Nochtfar codanna eile de i rith 2020.