Roinn

Turas Tine – Searmanas Lasta, Béal Átha na Sluaighe

Date 05.02.2020
Time 06:00 PM
Venue Cearnóg Naomh Mícheál, Béal Átha na Sluaighe
Organiser Gaillimh 2020

Beidh bladhmanna ar lasadh i mbailte éagsúla ar fud an chontae agus Searmanas Oscailte Ghaillimh 2020 ag taisteal i dtreo na cathrach sa chéad seachtain de mhí Feabhra. Beidh téamaí agus traidisiúin áitiúla á gceiliúradh in ócáid seachtaine a mhairfidh i gcuimhne na ndaoine go brách. Cuirfear tús leis an gceiliúradh le searmanas baint móna ar Lá Fhéile Bríde agus cuirfear clabhsúr air ar an 8 Feabhra i gCathair na Gaillimhe.

 

Tabharfaidh an Turas Tine cliar bhríomhar le chéile as gach baile chun páirt a ghlacadh i dtaibhléiriú uathúil, speisialta gach oíche as a chéile.  Breathnaigh ar chliar dhíograiseach Bhéal Átha na Sluaighe ag lasadh Chearnóg Naomh Mícheál le solas tine sa Searmanas Lasta ar an gCéadaoin, an 5 Feabhra.

Bí ag súil le taibhléiriú, ceol agus mórshiúlta ó 6pm ar aghaidh ag an gceiliúradh seo amuigh faoin aer atá saor in aisce don phobal.

 

 

 


 

Searmanas Lasta – Sceideal Bhéal Átha na Sluaighe

 

6pm Geataí ar oscailt

Cuirfear tús leis an gceiliúradh le ceol beo ó Taking Names, racghrúpa áitiúil atá ag glacadh páirte sa tionscadal ceoil óige, Livefeed.

 

6.45–8pm Pléascfaidh lasracha agus fuaimeanna ar na sráideanna i mórshiúl speisialta trí Bhéal Átha na Sluaighe le cliar ón bpobal. Tar éis aithris filíochta ó bhéal, lasfar an sféar a coimisiúnaíodh go speisialta do Bhéal Átha na Sluaighe.  Beidh ceol ina dhiaidh ó bhanna pap-rac fuinniúil na Gaillimhe, Rofi James.

 

De bharr go bhfuil an t-imeacht seo ar siúl amuigh faoin aer, moltar do dhaoine bróga agus éadaí cuí a chaitheamh.

Beidh teorainneacha tráchta i bhfeidhm agus déanfar iad a fhógairt go háitiúil.

 

 

 

Imeachtaí Gaolmhara