Turas Tine – Searmanas Lasta, An Clochán
Date | 02.02.2020 |
Time | 06:00 PM |
Venue | Cearnóg an Mhargaidh, An Clochán |
Organiser | Gaillimh 2020 |
Beidh bladhmanna ar lasadh i mbailte éagsúla ar fud an chontae agus Searmanas Oscailte Ghaillimh 2020 ag taisteal i dtreo na cathrach sa chéad seachtain de mhí Feabhra. Beidh téamaí agus traidisiúin áitiúla á gceiliúradh in ócáid seachtaine a mhairfidh i gcuimhne na ndaoine go brách. Cuirfear tús leis an gceiliúradh le searmanas baint móna ar Lá Fhéile Bríde agus cuirfear clabhsúr air ar an 8 Feabhra i gCathair na Gaillimhe.
Tabharfaidh an Turas Tine cliar bhríomhar le chéile as gach baile chun páirt a ghlacadh i dtaibhléiriú uathúil, speisialta gach oíche as a chéile. Breathnaigh ar chliar dhíograiseach an Chlocháin ag lasadh Cearnóg an Mhargaidh le solas tine i mbaile cois cósta an Chlocháin, sa chéad Searmanas Lasta ar an Domhnach, an 2 Feabhra.
Bí ag súil le taibhléiriú, ceol agus mórshiúlta ó 6pm ar aghaidh ag an gceiliúradh seo amuigh faoin aer atá saor in aisce don phobal.
Searmanas Lasta – Sceideal an Chlocháin
6pm Geataí ar oscailt
Cuirfear tús leis an gceiliúradh le ceol beo ó NØÖV, grúpa óg atá ag teacht chun cinn tríd an tionscadal Livefeed, a bhfuil fuaim dhorcha mhothaitheach ach spraíúil acu.
6.45–8pm Pléascfaidh lasracha agus fuaimeanna ar na sráideanna i mórshiúl speisialta trí bhaile an Chlocháin le cliar ón bpobal. Tar éis aithris filíochta ó bhéal le Brendan Flynn, lasfar an sféar a coimisiúnaíodh go speisialta don Chlochán. Beidh ceol ina dhiaidh ó bhanna pap-rac fuinniúil na Gaillimhe, Rofi James.
De bharr go bhfuil an t-imeacht seo ar siúl amuigh faoin aer, moltar do dhaoine bróga agus éadaí cuí a chaitheamh.
Beidh teorainneacha tráchta i bhfeidhm agus déanfar iad a fhógairt go háitiúil.