Roinn

Turas Tine – Searmanas Lasta, Baile Átha an Rí

Date 07.02.2020
Time 06:00 PM
Venue Páirc an Phobail, Baile Átha an Rí

Beidh bladhmanna ar lasadh i mbailte éagsúla ar fud an chontae agus Searmanas Oscailte Ghaillimh 2020 ag taisteal i dtreo na cathrach sa chéad seachtain de mhí Feabhra. Beidh téamaí agus traidisiúin áitiúla á gceiliúradh in ócáid seachtaine a mhairfidh i gcuimhne na ndaoine go brách. Cuirfear tús leis an gceiliúradh le searmanas baint móna ar Lá Fhéile Bríde agus cuirfear clabhsúr air ar an 8 Feabhra i gCathair na Gaillimhe.

 

Tabharfaidh an Turas Tine cliar bhríomhar le chéile as gach baile chun páirt a ghlacadh i dtaibhléiriú uathúil, speisialta gach oíche as a chéile. Breathnaigh ar chliar dhíograiseach Bhaile Átha an Rí ag lasadh Páirc an Phobail Bhaile Átha an Rí le solas tine, sa Searmanas Lasta ar an Aoine, an 7 Feabhra.

Bí ag súil le taibhléiriú, ceol agus mórshiúlta ó 6pm ar aghaidh ag an gceiliúradh seo amuigh faoin aer atá saor in aisce don phobal.

 


 

Searmanas Lasta – Sceideal Bhaile Átha an Rí

 

6pm Geataí ar oscailt

Cuirfear tús leis an gceiliúradh le ceol beo ó Siobhan Kelleher agus Sarah Brookfield, ceoltóirí óga atá ag glacadh páirte sa tionscadal ceoil, Livefeed.

 

6.45–8pm Pléascfaidh lasracha agus fuaimeanna ar na sráideanna i mórshiúl speisialta trí Bhaile Átha an Rí le cliar ón bpobal. Tar éis aithris filíochta ó bhéal le Julie Feeney, lasfar an sféar a coimisiúnaíodh go speisialta do Bhaile Átha an Rí.  Beidh ceol ina dhiaidh ó bhanna pap-rac fuinniúil na Gaillimhe, Rofi James.

 

 

De bharr go bhfuil an t-imeacht seo ar siúl amuigh faoin aer, moltar do dhaoine bróga agus éadaí cuí a chaitheamh.

Beidh teorainneacha tráchta i bhfeidhm agus déanfar iad a fhógairt go háitiúil.

 

 

 

Imeachtaí Gaolmhara