West of Sumer
Date | 26.06.2022 |
Venue | University Hospital Galway |
Arna chur i láthair ag Saolta Arts agus Gaillimh 2020
Tá sé mar aidhm ag The Deepest Shade of Green iniúchadh a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann lenár n-ospidéil a nascadh leis an domhan taobh amuigh, agus éisteacht leo siúd a bhaineann úsáid astu agus foghlaim uathu.
Fáiltíonn Ospidéal na hOllscoile Gaillimh roimh an bpobal chuig taispeántas ina gcuirtear saothar ealaíontóirí ar suim leo an dúlra a bhailiú, a rangú, a smachtú agus a atáirgeadh.
In iniúchadh ar phlandaí i míochaine na linne seo agus le leigheasanna luibhe traidisiúnta, cuireann West of Sumer ealaín luibheolaíochta i láthair ón Chelsea Physic Garden Florilegium Society (an Ríocht Aontaithe), Sophia Rosamund Praeger (Éire), agus Lydia Shackleton (Éire), chomh maith le saothar ó Tom Molloy (Éire), Diana Scherer (an Ghearmáin/an Ísiltír), agus Françoise Sergy (an Eilvéis/an Ríocht Aontaithe).
Ealaíontóirí Chelsea Physic Garden Florilegium Society, Sophia Rosamund Praeger, Lydia Shackleton, Tom Molloy, Diana Scherer, Françoise Sergy