An Fáth go n-Oibrím go Deonach: Niamh Ní Chonaill
08.02.2019Is mac léinn í Niamh Ní Chonaill in OÉ Gaillimh atá bliain is fiche d’aois, is as Indreabhán, Conamara í agus is oibrí deonach í le Gaillimh 2020.
Cén fáth gur dheonaigh tú cúnamh a thabhairt le Gailllimh 2020?
Táim ag glacadh páirt i nGaillimh 2020 mar go bhfuil mé ag iarraidh aitheantas a thabhairt don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Tá tionchar na Gaeltachta an-láidir i nGaillimh mar go bhfuil Conamara ar a tairseach aici. Is gá é sin a thaispeáint agus a cheiliúradh. Is áit lárnach í Gaillimh ina bhfuil eagsúlacht mhór daoine ó thíortha eile agus bhraith mise gur theastaigh uaim mo chultúr féin a chur chun cinn ina measc sin.
Cén tairbhe a bhain tú as an obair dheonach?
Mhothaigh mé an-bhródúil ag cur na Gaeilge chun cinn. D’fhoghlaim mé go leor óna daoine eile atá ag déanamh obair dheonach do Gaillimh 2020. Buaileann tú le daoine nua agus a gcuid scéalta féin á n-insint acu. Bhain mé an oiread sásaimh as éisteacht leo ag cur síos ar an saol atá said a chaitheamh i nGaillimh. Gach aon duine ar labhair mé leo, ní raibh ach rudaí dearfacha le rá acu faoi Ghaillimh agus chuir se sin ríméad orm ós rud é gur as Gaillimh mé fhéin.
“Má tá am le spáráil agat, cén fáth nach nglacfá páirt in imeachtaí spleodracha a dhéanfas leas dhuit féin agus do Ghaillimh?”
Cén chaoi a raibh sé páirt a ghlacadh i dtionscadal spreagúil mar é?
Le bheith fírinneach, ní raibh a fhios agam céard a bheadh i gceist. Rinne muid físeán de na Maidhmeadóirí agus bhí an oiread craic againn. Ní raibh mé páirteach i scannánaíocht riamh cheana ach fós fhéin, bhí iontas orm cé chomh compordach is a bhí me leis agus ar ndóigh bhí píosa spraoi againn freisin. Mothaím nuair a bhaineann tú triail as rudaí nua go gcuireann sé le do chuid muiníne, ní féidir locht a fháil ar sin!
Céard leis a bhfuil tú ag súil sa dá bhliain seo romhat mar oibrí deonach le Gaillimh 2020?
Tá súil agam casadh le neart daoine agus cairde nua a dhéanamh. Ba mhaith liom freisin cúnamh a thabhairt le cuid de na tionscadail agus imeachtaí a bheidh ag tarlú!
Céard a déarfá leo siúd atá ag smaoineamh ar obair dheonach a dhéanamh le Gaillimh 2020?
Cinnte mholfainn do dhaoine an deis a thapú agus trial a bhaint as rudaí nua spreagúla. Má tá am le spáráil agat, cén fáth nach nglacfá páirt in imeachtaí spleodracha a dhéanfas leas dhuit féin agus do Ghaillimh?