Is bean í Loretta Ní Ghabháin atá go mór i bhfách leis an nGaeilge, ina saol féin go pearsanta agus ina saol oibre leis na meáin. Déanann sí cur síos anseo dúinn ar a bhfuil súil aici a bhaint amach i dtaobh na Gaeilge agus an t-údar go bhfuil sí thar a bheith mórtasach gur Gaillimh an baile.
Gaillimh an baile domsa. Níl áit is fearr ná é. Tá tarraingt mhór ag Gaillimh orm. Tá meascán breá ann ó thaobh cultúir de – sin é a choinníonn daoine mar mise anseo agus a mheallann daoine ar leith. Déarfainn go mbaineann sé leis an uisce atá mórthimpeall orainn – tugann sé fuinneamh áirithe don chathair.
Ceann de na rudaí is fearr faoi Ghaillimh ná go labhraítear Gaeilge ann. Déanann scríbhneoirí taistil tagairt go minic, agus iad ag scríobh faoi Ghaillimh, don Ghaeilge a bheith le cloisteáil ar na sráideanna taobh leis an mBéarla. Ó tharla gur ann atá an ceantar Gaeltachta is mó sa tír – tá nach mór 50,000 duine ina gcónaí sa nGaeltacht i nGaillimh – is cuid ollmhór dínn í. Leis sin, tagann saibhreas cultúir, an damhsa, ceol, amhránaíocht agus filíocht.
Tá spraoi ag baint leis an teanga, tá sí beo bríomhar. Ba bhreá liom go mbeadh labhairt na Gaeilge ‘normálta’ anseo, d’uireasa focal níos fearr, go ndéanfaí dearmad ar an meon diúltach a bhain leis an gcaoi ar múineadh an teanga ar scoil, agus go dtuigfeadh muid gur cuid dínn í – go bhfuil sí ionainn agus is ionann í agus sinn….
“Tá sé in am againn anois theacht le chéile mar threibh, mar phobal, mar dhaoine, agus glacadh go fonnmhar leis an éagsúlacht chultúir a bhaineann le Gaillimh.“
Is iontach an rud go mbíonn neart féilte sa chathair ach bíonn féilte iontacha ar fud an chontae freisin – Fhéile Mhic Dara i gCarna, mar shampla – maireann mórán de na sean-nósanna go fóill. Nuair a thagann daoine ó thar lear is minic a fhiafraíonn siad díom, “Cad atá le feiceáil i nGaillimh?”, féachaim i gcónaí iad a chur siar agus féilte ar fud an chontae a mheabhrú dóibh agus an oidhreacht a bhaineann leis na hoileáin thiar.
Tá fuinneamh aisteach le brath sa chontae seo againne – is maith linn a bheith i mbun rudaí, a bheith i mbun na cruthaitheachta agus a bheith páirteach. Is breá linn a bheith mar chuid de rud éigin níos mó ná muid féin, agus sílim go gcoinníonn sé sin sona muid.
Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar an lá a bhfuair muid scéala gur éirigh leis an tairiscint, thíos ar Shráid an Phríomhgharda a bhí mé; ní chreidfinn é. Rinne muid an tairiscint ar an tuiscint gur ócáid an-dearfach a bheadh ann, a thabharfadh daoine le chéile, mar threibh. Sin í an oidhreacht ar mhaith liomsa a fheiceáil a d’fhágfadh Gaillimh 2020, agus táim cinnte gur féidir linn sin a dhéanamh. Go mbeimis dearfach dínn féin agus go dtaispeánfaí sin, ní hamháin do mhuintir na hÉireann, ach don Eoraip agus don domhan mór.
Tá sé in am againn anois theacht le chéile mar threibh, mar phobal, mar dhaoine, agus glacadh go fonnmhar leis an éagsúlacht chultúir a bhaineann le Gaillimh. Sílim gur deis iontach é Gaillimh 2020 Gaillimh a chur faoi bhráid an domhain mhóir.