An Seans Deireanach do Smaoineamh Mór a Mholadh
09.05.2019Níl ach lá amháin fágtha chun iarratas a chur isteach ar Bhabhta 2 de thionscadal Ghaillimh 2020, Bailte Beaga Smaointe Móra, mar is é 5pm amárach (Dé hAoine), an 10 Bealtaine, an spriocdháta.
Is tionscadal ar fud an chontae é Bailte Beaga Smaointe Móra a dhéanann ceiliúradh ar an meitheal – an seantraidisiún Gaelach nuair a thagann an pobal le chéile i gcomhair cuspóir faoi leith. Seolta i mí Aibreáin na bliana seo, i mBabhta 2, tugadh cuireadh do phobail sna healaíona go léir iarratas a chur isteach, a bhfuil sé mar fhéidearthacht acu na hathruithe ar mhaith leo a fheiceáil ina bpobal féin a chur i ngníomh.
Cuirfear fáilte freisin roimh iarratais ó ealaíontóirí agus ó choimeádaithe/léiritheoirí a bhfuil spéis acu obair i gcomhar le pobail, agus ní mór dóibh a léiriú san iarratas go bhfuil teagmháil déanta acu le pobal agus go bhfuil ‘comhthéacs’ acu as a n-oibreoidh siad. D’fhéadfadh sé gur pobal spéise nó áite a bheadh ann.
Is é €200,000 buiséad iomlán an tionscadail seo, le tairiscintí maoinithe idir €5,000 agus €15,000. Cuirfear fáilte freisin roimh iarratais ó dhaoine nach bhfuil lonnaithe i nGaillimh, ach ar mhaith leo teagmháil a dhéanamh le pobail sa chathair agus sa chontae. Má bhaineann sé le pobail spéise, d’fhéadfadh ealaíontóir iarratas mór il-suíomh a chur isteach, i.e. dul i mbun oibre le pobal spéise faoi leith in áiteanna agus suímh éagsúla sa chontae.
Léirigh Babhta 1 de Bhailte Beaga Smaointe Móra an deis ollmhór atá ag pobail áitiúla teacht le chéile i gcomhair tionscadail spreagúla, uaillmhianacha agus chruthaitheacha. Bronnadh maoiniú ar bhreis agus 50 tionscadal dá leithéid ar fud chathair agus chontae na Gaillimhe sa chéad bhabhta de Bailte Beaga Smaointe Móra agus tá na tionscadail sin cruógach ó shin ag cur a gcuid smaointe i bhfeidhm agus muid ag ullmhú don bhliain mhór féin in 2020.
Don bhabhta seo de Bhailte Beaga Smaointe Móra, tá iarratais á lorg againn do thionscadail a léiríonn:
Comhar – tionscadail ina dtagann eagraíochtaí, grúpaí agus pobail éagsúla le chéile chun an tionscadal beartaithe a fhorbairt agus a chur i gcrích.
Uaillmhian – tionscadail atá uaillmhianach ó thaobh samhlaíochta agus scála de agus atá nua nó éagsúil leis na saothair chultúrtha atá sna pobail áitiúla cheana féin.
Cruthaitheacht – tionscadail ar cuid dhílis díobh foirm ealaíne nó gné den chultúr lena n-áirítear damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, amharclannaíocht, na hamharcealaíona, na healaíona traidisiúnta, sorcas, ealaín sráide agus mórthaibhsiú, ailtireacht, teanga, oidhreacht, bia, spórt agus tuilleadh nach iad.
Rannpháirtíocht an Phobail – ba chóir go mbeadh rannpháirtíocht leathan an phobail le sonrú ar na tionscadail de thoradh caidreamh gníomhach le grúpaí agus eagraíochtaí éagsúla; thar aon ní eile ba mhaith linn go mbeadh scoileanna rannpháirteach i dtionscadail Bhabhta 2.
An Ghné Eorpach – ba chóir go mbeadh baint ag na tionscadail leis an áit atá againn i gcomhthéacs leathan na hEorpa agus sa saol idirnáisiúnta agus go ndéanfaidís aird a tharraingt ar an stair atá i bpáirt againn leo sin agus ar ár naisc chomhaimseartha.
Téamaí de chuid Ghaillimh 2020 – ba cheart go mbeadh baint ag na tionscadail le croíthéamaí Ghaillimh 2020 agus go ndíreoidís orthu sin dá réir; is iad na croíthéamaí sin Tírdhreach, Teanga agus Imirce. Is féidir le tionscadail díriú ar cheann amháin, dhá cheann nó gach ceann de na trí théama, agus moltar ciall leathan chruthaitheach a bhaint as na téamaí sin.
Is é 5pm, an 10 Bealtaine 2019, an spriocdháta chun Léirithe Spéise a chur isteach.
Pictiúr: Julia Dunin