Roinn

An Taobh Thiar ag Soilsiú an Bhealaigh an Samhradh seo

04.07.2019

I gceantar an Taoibh Thiar i nGaillimh, tá eagraíochtaí áitiúla tar éis bheith ag obair go fonnmhar chun clár féile le neart imeachtaí a chur le chéile d’Fhéile Ealaíon an Taoibh Thiar a bheidh ar siúl 9 – 13 Iúil.

Beidh breis agus tríocha imeacht ar siúl in ionaid áitiúla, le tallann chruthaitheach mar an t-aisteoir/scríbhneoir, Órla McGovern (The Spontaneous Theatre People), agus an t-ealaíontóir sráide, Shane O’Malley, ag glacadh páirte ann.

Bunaíodh an fhéile cúig bliana déag ó shin agus ó shin i leith tá sí mar chuid lárnach d’fhéilire cruthaitheach na Gaillimhe.  Tá ríméad ar Ghaillimh 2020 bheith ag tacú le trí thionscadal mór ar chlár fhéile na bliana seo ón gclár pobail rathúil, Bailte Beaga Smaointe Móra, lena n-áirítear seisiún scéalaíochta, taispeántas ceardaíochta agus léiriú scannáin. Tabharfaidh ‘Telling Stories, Sharing Cultures’ deis do dhaoine áitiúla nósanna agus eolas a roinnt ó chúlraí cultúrtha éagsúla. Beidh an t-údar agus aisteoir Gaillimheach-Nigéarach, Adedotun Adekeye, i mbun na ceardlainne. Glór cumhachtach ar an gcoilíneachas agus ar imirce is ea é. Tionscadal iontach eile is ea ‘A Wild and Generous Landscape’, ina ndéantar oidhreacht chultúrtha a athbheochan trí cheardaíocht thraidisiúnta.  Is féidir le daoine a théann chuig an bhféile torthaí chúrsaí pobail 2018 a fheiceáil i ndéanamh ciseán, obair phaistí agus obair olla. Beidh an léiriú scannáin agus clár faisnéise de chuid Bhailte Beaga Smaointe Móra le feiceáil freisin.  Ag leanúint ar an ócáid cheiliúrtha de ‘Shot By The Sea’ in Óstán Bhóthar na Trá, taispeánfar rogha speisialta de ghearrscannáin ón mbailiúchán le linn na féile.

Is comharsanacht éagsúil é An Taobh Thiar; tá súil ag an bhféile é seo a léiriú leis an rogha iontach de thallann áitiúil a bheidh os comhair an phobail in ionaid ar fud an cheantair. Cuimsítear raon leathan ealaíon, lena n-áirítear déanamh coinnle (i gcomhar le Músaem Cathrach na Gaillimhe), pop-amhránaíocht agus ealaín soilse. Díríonn an clár go speisialta ar shaol taibhléirithe agus litríochta na Gaillimhe, ag cuimsiú ceardlanna damhsa, maidhceanna oscailte agus grúpaí scríbhneoireachta. Rachaidh lucht leanúna ceoil siar ar bhóithrín na smaointe ag éisteacht le fuaimeanna barócacha ó Galway Early Music agus beidh scoth an cheoil thraidisiúnta le cloisteáil ó John O’Halloran agus a chairde. Beidh an mórshiúil – ‘The Sky’s The Limit’ – ina ábhar iontais don lucht féachana agus é mar bhuaicphointe na féile. Beidh cuntraphointe suaimhneasach ar siúl ar an Déardaoin, an 11 Iúil, nuair a fhillfidh an Cór Aireagail Treibheach ar Eaglais an Chroí Ró-Naofa sa Taobh Thiar le haghaidh cheolchoirm na féile, ina mbeidh ceol córúil ó na céadta seo caite.

Is é cuspóir na bliana seo ná “An Bealach a Lasadh”. Beidh léargais nua chultúrtha, shamhlaíocha agus eolaíocha faoi thrácht.  Déanfaidh ‘Corrib Kids’, ceardlanna i gcódú ríomhaire óige an Taoibh Thiar a ullmhú do thodhchaí ardteicneolaíochta, agus beidh an seisiún scéalaíochta ‘Fly Me To The Moon’, an chaint réalteaolaíochta ó Brian McGowan agus an phlainéadlann thumthach shoghluaiste ina n-ábhar iontais samhlaíochta.

Tugann Féile Ealaíon an Taoibh Thiar cuireadh do gach duine as gach cúlra an bealach a lasadh i dtreo todhchaí níos gile.  Más as an Taobh Thiar ó dhúchas tú, nó más cuairteoir fiosrach tú, nó más duine nua sa cheantar tú – déanfaidh an fhéile seo go leor a shásamh an samhradh seo.

Aimsigh an clár oifigiúil ar leathanach Facebook na féile ag facebook.com/westsideartsfestival

Imeachtaí Gaolmhara