Roinn

An Teach Dóite ag Lonrú do Lóchrann Chonamara

20.06.2019

Beidh tine ar lasadh ag an Teach Dóite dóibh siúd a bheidh ag ceiliúradh lár an tsamhraidh Oíche Shin Seáin, Dé Domhnaigh beag seo, an 23 Meitheamh. Seolfar Lóchrann Chonamara ag 8in le scata ceoltóirí, lena n-áireofar Cillín, Clann Uí Iarnáin, Don Stiffe agus Banna Céilí Cogar – mar aon le haíonna speisialta.

Beidh sé an-difriúil ón ngnáthoíche tine chnámh. Mar chuid de thionscadal Ghaillimh 2020, Bailte Beaga Smaointe Móra, beidh léiritheoirí pobail i gCois Fharraige agus an Fhairche/an Chloch Bhreac ag obair i gcomhar leis an damhsóir comhaimseartha, Eoin Mac Donncha, taibheoirí tine, Pyre Productions, agus an chuideachta mhór drámaíochta, Fíbín, chun taispeántas iontach amuigh faoin aer a chur ar siúl, a mhairfidh sa chuimhne go brách. Mar chuid den ócáid saor in aisce seo, beidh na gnéithe is breátha de Phríomhchathair Chultúir na hEorpa ar taispeáint: ceol, damhsa, amharclannaíocht sráide, agus ar ndóigh, bia. Is féidir leis na sluaite ocracha blaiseadh a fháil de bhia mara agus uaineoil sléibhe áitiúil (arna urrú ag Marglann an Tí Dhóite) ag stainníní bia ó 7pm. 

Mura gceapann tú gur spéis leat bheith ag gríosú lasracha ar shuíomh marglainne, seas siar nóiméad agus téigh siar ar bhóithrín na smaointe go hÉire Ghaelach: Oíche ghrianstad an tsamhraidh atá ann. Tá tú i measc mórán de lucht an tsráidbhaile ag siúl trí ghort, lóchrann lasánta i do láimh. Tá an saol is a mháthair anseo, ag scaipeadh luaithrigh agus ag guí ar fhómhar fairsing. Cad atá ag tarlú sa radharc seo, agus cén fáth ar cheart dúinn suim a chur ann? Tá go leor athraithe ó shin, ach maireann roinnt príomhthréithe siceolaíochta. Ach an oiread lenár sinsir ag iompar lasracha, is annamh a dtugaimid ár rúin chun críche go dtí go bhfuil seasamh glactha againn.  Déanaimid ár rúin is fearr a fhíorú nuair is féidir linn iad a léiriú trí rud éigin atá roinnte agus infheicthe.   

Is í an fhírinne seo bunchloch na meithle – daoine a thionól le chéile ar mhaithe le haon chuspóir roinnte amháin. Tá an traidisiún seo fréamhaithe i seanchórais comhoibrithe, nuair a roinn comharsana tascanna feirmeoireachta agus nuair a bhain siad an fómhar le chéile.  Ní dheachaigh an siombalachas cumhachtach seo amú ar Lóchrann Chonamara.  Déanfaidh baill de ghrúpaí siúlóide áitiúla, Cumann Sléibhteoireachta Chonamara Theas, Clubanna Siúlóide na Gaillimhe agus Mhám Toirc, Club Sléibhteoireachta Bheanna Beola agus Corrib Ramblers, lasracha a iompar ó na ceithre hairde de Chonamara ar an oíche. Ag dreapadh thar chnoic agus portaigh, tiocfaidh na grúpaí le chéile lena lasracha agus beidh searmanas lonrach sa chlapsholas (thart ar 10.30pm), an Teach Dóite arna lasadh le solas tine.  

Ó lucht trádála ag babhtáil ag an marglann ghnóthach, go na hoilithrigh ag tabhairt aghaidhe ar Mhám Éan, tá mórán comhthionól feicthe ag an gcrosbhóthar stairiúil seo i gConamara thar na blianta.  Tá chuile dhuine sa cheantar seo ag tarraingt le chéile don ócáid seo i lár an tsamhraidh, le Lárionad Oideachais Allamuigh Cheapach na gCapall ag tabhairt lámh chúnta ó thaobh lóistíochta de, Óstán Peacockes ag cur áiseanna ar fáil don phobal, agus Crann na Móna ag soláthar fuíollghearrthóga adhmaid don tine.  Fuarthas tacaíocht airgeadais don tionscadal ón gComhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, FLAG WEST de chuid Bhord Iascaigh Mhara, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus ó chlár Bhailte Beaga Smaointe Móra de chuid Ghaillimh 2020.   

Téann nósanna Oíche Shin Seáin siar go dtí ceiliúradh págánach bhandia an tsamhraidh, Áine.  Trasnaíonn tionchar na nósanna seo teorainneacha agus céadta.  Déanann gné nádúrtha an tine fós muid a chur faoi gheasa agus a spreagadh sa lá atá inniu ann, dár mealladh amach as ár mbolgáin phríobháideacha. 

 

Le haghaidh eolas breise ar Lóchrann Chonamara, cuir r-phost chuig lochrannchonamara@gmail.com. 

Imeachtaí Gaolmhara