Ballygar SHOUTS an Deireadh Seachtaine Seo
06.06.2019Is tionscadal Bhailte Beaga Smaointe Móra de chuid Ghaillimh 2020 é The Other: Together, agus is iadsan a chuirfidh Ballygar SHOUTS i láthair Dé hAoine beag seo, an 7 Meitheamh, ag 8pm i gCearnóg an Mhargaidh.
Léiriú beo rannpháirteach a bheidh ann, cruthaithe ag muintir Bhéal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe.
Is imeacht é SHOUTS a ceapadh as gníomhaíochtaí cruthaitheacha a bhí ar siúl le sé mhí anuas le daoine óga agus daoine fásta fud fad cheantar Bhéal Átha Ghártha, agus is ócáid lán le siamsaíocht agus draíocht a bheidh ann.
Mar chuid den tionscadal, The Other: Together, cuireadh ceist ar dhaoine áitiúla a gcuid glórtha a chur chun cinn do na glúnta atá le teacht, chun go bhfaighfear amach cé hiad na daoine a bhí i mBéal Átha Ghártha in 2019. Freagróidh sé na ceisteanna, ‘Cé a bhí ina gcónaí anseo? Cén cineál áite a bhí ann? Ar tharraing siad le chéile mar phobal? Céard iad na scéalta a bhí le hinsint acu?
“Abraimis, i gceann dhá chéad bliain, beidh daoine ag iarraidh tuairim bheith acu cé muid, mar dhaoine aonair, agus mar phobal – mar sin de, cad a theastaíonn uainn go gcloisfidh siad? Tharraing ár dtionscadal glórtha, blasanna agus teangacha ón bpobal éagsúil agus is fianaise é ar na traidisiúin tuaithe agus na caidrimh Eorpacha atá againn,” a deir file áitiúil agus eagraí an tionscadail, Margaret Hannigan Popp.
Le linn an tionscadail, d’eagraigh Margaret comhráite, imeachtaí siúlóide agus ceardlanna pobail chun taiscéaladh agus taifeadadh a dhéanamh ar na smaointe a spreagadh ag na ceisteanna seo.
Le roinnt seachtainí agus míonna anuas, reáchtáil file na Gaillimhe, Pete Mullineauz, sraith de sheisiúin scríbhneoireachta sna bunscoileanna sa Bhealach Liath agus i mBéal Átha Ghártha agus le scoláirí ó Choláiste Mhuire.
Fuarthas spreagadh freisin don tionscadal ó dhán an fhile, Antaine Ó Raifteirí, Béal a’ Ghártha, a scríobhadh in 1818 agus a dhéanann muintir agus tuaithe an cheantair a cheiliúradh. Deir Margaret go raibh an bua a bhí aige chun saolta na ndaoine thart timpeall air a thaifeadadh ina spreagadh mór don ghrúpa. “Tá dánta agus scríbhinní bailithe againn a labhraíonn faoinár n-oidhreacht agus ár mianta, ár bhfonn spraoi agus scéalta ár gcaillteanais, ár ndomhan nádúrtha agus ár mbailte”.
Cuirfear an ócáid ar stáitse i gcearnóg an bhaile ag an ardán banna ceoil nua. Is saothar rannpháirteach a bheidh ann, leis an teicneolaí fuaime Armand Goldent, á chomhléiriú le Margaret Hannigan Popp.
Beidh fáilte roimh gach duine chuig an ócáid shiamsúil seo do chách.
Reáchtáladh an tionscadal seo i gcomhar le hOibrithe Deonacha Bhailte Slachtmhara Bhéal Átha Ghártha agus ÉiceaCultúr Bhéal Átha Ghártha.