Roinn

Eagrán Digiteach de Savage Beauty

15.03.2020

Cuireann Gaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa Savage Beauty i láthair, anois mar eispéireas ealaíne ar líne, arna chruthú ag an ealaíontóir soilsithe as an bhFionlainn, Kari Kola.  Déanann an saothar ealaíne sléibhte Chonamara a athrú ó bhonn le dath agus solas, sa saothar ealaíne soilsithe suíomhoiriúnaithe is mó a cruthaíodh riamh.

Ba é an bunphlean go mbeadh ócáid phoiblí ann idir 14 – 17 Márta, ach de bharr na srianta atá i bhfeidhm mar fhreagairt ar Covid-19, anois tá an saothar ealaíne á chur ar fáil ag Gaillimh 2020 i bhfoirm dhigiteach ó inniu, roimh an gceiliúradh idirnáisiúnta ar Lá Fhéile Pádraig, Dé Máirt, an 17 Márta.

Rinne Oscar Wilde cur síos ar Chonamara mar “a savage beauty”, tírdhreach tuaithe drámata na hÉireann. Le breis agus 1,000 solas thar achar chúig chiliméadar, déanann suitéan Kari Kola na sléibhte a athrú ó bhonn i leachtbhrat de dhathanna bríomhara spleodracha.

Dar leis an ealaíontóir Kari Kola, os rud é nach féidir leis féin péinteáil, bíonn sé ag péinteáil le solas. Tá suim faoi leith aige i solas, taobh amuigh dá luach ealaíne.  Dar leis, tá chuile rud ar domhan bunaithe ar sholas.  Bíonn sé ag obair le tionscadail eolaíochta agus le teicnící nua de chuid na todhchaí. Le solas teibí, bíonn an méid céanna scéalta agus breathnóirí ann.  Má bhíonn an rogha aige, bíonn sé ag obair leis an dúlra, mar, dar leis, is é sin an ealaín is fearr atá againn.  Léirigh sí a dhíomá pearsanta gurbh éigean an taispeántas poiblí dá shaothar a chur ar ceal, ach tá súil aige go léireoidh an t-eagrán digiteach seo an chaoi ar imir siad le scála i gConamara agus ar chruthaigh siad rud éigin nach mbeadh daoine ag súil leis.

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Helen Marriage, Stiúrthóir Cruthaitheach Ghaillimh 2020; “Tá an-bhród orm as Kari Kola agus as a chriú iontach a bhí ag obair ó mhaidin go hoíche le coicís anuas i gcuid de na coinníollacha aimsire is dúshlánaí, chun an saothar ealaíne iontach seo a chruthú. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orainn an chaoi ar chuir an pobal áitiúil fáilte romhainn le linn na tréimhse seo. Ba ríluachmhar an tacaíocht a thug siad dúinn. Cé go bhfuil an-aiféala orainn go raibh orainn na taispeántais bheo de Savage Beauty a chur ar ceal de réir na treorach ón rialtas maidir le cruinnithe poiblí de bharr an víris Covid-19, tá ríméad orainn go bhfuilimid in ann an t-eagrán digiteach seo a roinnt leis an líon daoine agus is féidir chun go bhfeicfidh siad an saothar ealaíne dochreidte seo.”

 

Tá breis agus 2,000 tionscadal stiúrtha ag Kari Kola i suíomhanna drámata, ina measc, an searmanas oscailte do Bhliain na Soilse ar Cheannceathrú UNESCO i bPáras (2015), agus ag Stonehenge (2018).

 

 

 

Físeán: Janne Tapio Media

Grianghraif: Christopher Lund agus Cormac McMahon

Imeachtaí Gaolmhara