Roinn

Ealaíontóirí á lorg do Mhórthionscadal Gaeilge

25.04.2019

Tá deis iontach ar na bacáin bheith páirteach i mórthionscadal Gaeilge de chuid Ghaillimh 2020, is é sin, Aistriú, tionscadal i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ealaín na Gaeltachta.  

Tá léirithe spéise á lorg ó ealaíontóirí chun saothar a chruthú a bheidh mar chuid den tionscadal seo, agus reáchtálfar ceardlann in Áras na Gaeilge, OÉ Gaillimh d’ealaíontóirí a bhfuil spéis acu bheith ag obair le hAistriú, an 1 Bealtaine ó 10am go dtí 1pm.  

Tá an tionscadal Aistriú dírithe ar mhórthéama na himirce, agus cuireann sé bailiúchán de théacsanna litríochta na Gaeilge ar an téama sin os comhair an phobail agus na hEorpa i gcoitinne. Tá na téacsanna seo scríofa ag roinnt de na scríbhneoirí Gaeilge is cáiliúla i seánraí éagsúla, lena n-áirítear an fhilíocht, gearrscéalta agus sleachta as úrscéalta agus dírbheathaisnéisí.  

Tá buiséad iomlán €50,000 ar fáil don choimisiún, agus bronnfar an t-airgead seo ar ealaíontóir nó ealaíontóirí a rachaidh i ngleic go cruthaitheach leis na téacsanna. Beidh na saothair seo mar chuid de chlár cultúrtha Ghaillimh 2020.  

“Meabhraíonn Aistriú dúinn go bhfuil tábhacht reatha ag baint le litríocht na Gaeilge, tábhacht atá beag beann ar theorainneacha tíreolaíochta agus teanga na hÉireann.”

Tá fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí as gach seánra, lena n-áirítear ailtireacht, siorcas, ealaín sráide agus mórthaibhsiú, damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, ceoldrámaíocht, na healaíona traidisiúnta agus na físealaíona.  Cuirtear fáilte roimh iarratais ildisciplíneacha agus roimh mheáin mheasctha/dhigiteacha freisin. 

Tá dearcthaí éagsúla ar théama na himirce le fáil sna téacsanna – ó na mná óga atá ag dúil go mór le dul ar imirce go Meiriceá i ngearrscéal le Máirtín Ó Cadhain, go dtí an cuntas pearsanta a thugann Peig Sayers ina dírbheathaisnéis dar teideal, Peig: A Scéal Féin. Tá litríocht chomhaimseartha ann freisin – san úrscéal, Gluaiseacht, le Alan Titley, a léiríonn an caidreamh drochídeach idir imircigh agus lucht a n-iompair, agus sa tsraith dánta ‘Na Murúcha a Thriomaigh’ le Nuala Ní Dhomhnaill, a dhéanann cur síos cumhachtach ar an díláithriú agus ar an dúshlán a bhíonn roimh dhaoine agus grúpaí imeallaithe a thréigeann a gceantair dhúchais. 

Éileofar ar ealaíontóirí a léiríonn spéis in Aistriú a thaispeáint go bhfuil siad tiomanta don Ghaeilge trí úsáid na teanga ina gcleachtas roimhe seo. Ní mór iarratas a dhéanamh atá dírithe ar an lucht féachana/éisteachta agus ar an bpobal. Cloífidh na saothair le mórchuspóir Ghaillimh 2020 chun bliain iontach chruthaitheach a chur ar siúl a dhéanfaidh ceiliúradh ar chultúr na hÉireann agus na hEorpa. 

Agus í ag labhairt faoin tionscadal, bhí an méid seo a leanas le rá ag Liz Kelly, Léiritheoir Cultúrtha le Gaillimh 2020: “Tá áthas orainn a bheith ag obair lenár gcomhghleacaithe in OÉ Gaillimh ar scaipeadh na dtéacsanna Gaeilge seo atá chomh cumhachtach agus fadradharcach. Tá aistriúcháin ar fáil i mBéarla cheana féin agus tríd an tionscadal seo beidh na téacsanna á n-aistriú go teangacha Eorpacha eile, rud a chuirfidh go mór lena lucht léitheoireachta agus a dhéanfaidh ceiliúradh ar litríocht na Gaeilge ar ardán idirnáisiúnta.  Agus an coimisiún seo á chur ar fáil againn d’ealaíontóirí ar gach cineál seánra chun freagra a thabhairt ar na téacsanna, táimid ag súil le haird an phobail a dhíriú orthu agus na scríbhneoirí suntasacha seo a cheiliúradh i gcomhthéacs comhaimseartha.” 

Deir an Dr Rióna Ní Fhrighil, léachtóir in OÉ Gaillimh agus comhstiúrthóir Aistriú: “Agus 68.5 milliún duine ar fud na cruinne díláithrithe, díríonn na téacsanna seo ár n-aird ar an scéal daonna a bhaineann le gach staitistic.  Meabhraíonn Aistriú dúinn go bhfuil tábhacht reatha ag baint le litríocht na Gaeilge, tábhacht atá beag beann ar theorainneacha tíreolaíochta agus teanga na hÉireann.” 

Is é an spriocdháta do na hiarratais, Dé Domhnaigh, an 30 Meitheamh 2019.  Le haghaidh tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais, téigh chuig suíomh gréasáin Aistriú.

Imeachtaí Gaolmhara