Roinn

Feachtas Nua Tiomsaithe Airgid do Ghaillimh 2020

14.02.2019

Ba mhí iontach a bhí i mí Eanáir do Ghaillimh 2020. Chuir muid  fáilte roimh Helen Marraige ón gcomhlacht cruthaitheach Artichoke chun ról an stiúrthóra cruthaitheach a sheachadadh, chomh maith leis sin, cuireadh fáilte roimh stiúrthóir forbartha an chomhlachta, Sarah Coop, chun ceannasaíocht a ghlacadh ar an bhfeachtas tiomsaithe airgid.

Tá an feachtas tiomsaithe airgid seo mar chuid de ról ceannaireachta straitéiseach Artichoke do Ghaillimh 2020, chun tacaíocht a thabhairt do sheachadadh an tionscadail ina iomláine ó thaobh barr feabhais ealaíne, tionchar eacnamaíochta agus cáil idirnáisúnta.

Le breis agus 30 bliain taithí i dtiomsú airgid sna healaíona, d’oibrigh Sarah ar roinnt de na príomhimeachtaí cultúrtha, ina measc, an ‘Sydney Festival’, agus roinnt de na ceolfhoirne idirnáisiúnta is fearr thar na mblianta. Ba í a bhí freagrach as bunú na ranna urraíochta don Cheolfhoireann Ríoga Fhiolarmónach, chomh maith le tús a chur leis an bhfeachtas caipitil ag ‘The Roundhouse’ i gCamden, i dTuaisceart Londain, agus an chéad £10 milliún a bhailiú dó. Bhailigh sí airgead chomh maith do ‘Lumiere’ mar pháirt de Dhoire – Cathair Chultúir na Ríochta Aontaithe.

Ó thosaigh sí le Artichoke breis agus deich mbliana ó shin, bhí páirt lárnach ag Sarah i gcur chun cinn an chomhlachta, ag forbairt agus ag seachadadh feachtas tiomsaithe airgid do mhórimeachtaí cultúrtha le spriocanna níos airde ná eagraíochtaí ealaíona atá i bhfad níos mó.

“Beidh Gaillimh i gcroílár an chultúir san Eoraip in 2020 agus tá deis aon uaire ann don ghlúin seo chun an chuid is fearr de shaibhreas agus d’éagsúlacht ár gcultúr a léiriú do lucht féachana fada fairsing a fhágfaidh tionchar eacnamaíochta sna blianta amach romhainn”

I measc na dtionscadal is déanaí de chuid Artichoke, tá Lumiere London, an fhéile sholais is mó sa Ríocht Aonaithe; Temple, tionscadal radacach ealaíne i gcomhar leis an ealaíontóir David Best i nDoire, agus Processions, ollcheiliúradh ar cheart vótála na mban sa Ríocht Aonaithe.

“Is deis iontach í seo agus tá an fhoireann ar bís”, a deir Sarah. “Sna seachtainí  amach romhainn, beidh muid ag labhairt le gnólachtaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta, le heagraíochtaí agus le daoine aonair faoi na deiseanna iomadúla atá ann chun tacú le Gaillimh 2020 agus é ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann ar an stáitse Eorpach. Táim díograiseach chun cinntiú go bhfaighidh an dá thaobh an leibhéal céanna sástachta ón gcomhpháirtíocht agus is cur chuige solúbtha croílár ár gcuid oibre. Déan teagmháil linn le do thoil chun fáil amach conas is féidir leat a bheith páirteach.”

Tá sprioc uaillmhianach tiomsaithe airgid ag Gaillimh 2020 a deir Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Ghaillimh 2020, Patricia Philbin, agus an fhoireann chuí roghnaithe anois, tá Gaillimh 2020 ag súil go mór  le teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí agus le daoine aonair faoi na deiseanna atá ar fáil.

“Beidh Gaillimh i gcroílár an chultúir san Eoraip in 2020 agus tá deis aon uaire ann don ghlúin seo chun an chuid is fearr de shaibhreas agus d’éagsúlacht ár gcultúr a léiriú do lucht féachana fada fairsing a fhágfaidh tionchar eacnamaíochta sna blianta amach romhainn,” a deir sí.

Le clár bliana de mhórimeachtaí pleanáilte a mheallfaidh daoine ó gach cearn den domhan, tá Gaillimh 2020 ag tairiscint deiseanna iontacha do chomhpáirtithe corparáideacha a bheith páirteach, le cearta agus buntáistí tarraingteacha mar aon le haisíoc iontach ar a gcuid infheistíochta. Bainfidh páirtithe taitneamh as próifíl branda mar chuid de fheachtas ilghnéitheach preasa agus margaíochta, deiseanna líonraithe gnólacht-le-gnólacht, bealaí chun bualadh agus labhairt go díreach le lucht féachana fada fairsing agus taithí speisialta a fháil nach féidir a cheannach.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas a bheith i bpáirtíocht le Gaillimh 2020, déan teagmháil le Sarah Coop, Sarah.Coop@Galway2020.ie.

 

Pictiúr: Steven Landles

Imeachtaí Gaolmhara