Roinn

Féile na nGael in Milwaukee

08.08.2019

Cé go bhfuil stair na hÉireann ar eolas againn, fós féin, bíonn sé deacair uaireanta a shamhlú gur as an oileán beag seo a tháinig diaspóra chomh mór, a bhfuil tionchar suntasach imeartha acu ar fud na cruinne.

Meabhraítear dúinn faoin ngréasán domhanda seo ag imeachtaí mar Fhéile na nGael in Milwaukee (MIF), ceiliúradh bliantúil ar chultúr agus ar oidhreacht na nGael ar bhruach Loch Michigan. I mbliana, beidh seóthaispeántas Ghaillimh 2020 i láthair, ag tógáil ar an gcaidreamh 25 bliana atá ag an bhféile le Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe, fad a bheidh an scéal á scaipeadh do bhreis agus 100,000 duine faoi Ghaillimh agus í mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa.

Beidh an seóthaispeántas ar siúl, 15 – 18 Lúnasa 2019. Beidh scoth na gceoltóirí as an gcontae ar an ardán speisialta de chuid Ghaillimh 2020. Ina measc, beidh ceol faoi thionchar bluegrass le The Whileaways, an sárghrúpa traidisiúnta Back West, fidléirí Chonamara – The Kanes, agus Leo Moran & Padraic Stevens (beirt as an ngrúpa aitheanta, The Saw Doctors). Is iad an grúpa as Gaillimh, We Banjo 3, a bheidh mar phríomhaíonna ag an bhféile i mbliana – an t-ochtú bliain as a chéile dóibh bheith ag seinm in Milwaukee dá lucht leanúna dílis. Ó thaobh na n-amharcealaíon de, cuirfidh saothar ildaite Joan Finnegan go mór leis an spás ealaíne sa Phuball Cultúrtha.

Tá Imirce ar cheann de phríomhthéamaí Ghaillimh 2020 – ní haon ionadh mar sin go bhfuil gach taispeántas sa Phuball Cultúrtha ag díriú ar léarscáiliú agus ar loingseoireacht de chineál éigin.  Is féidir le cuairteoirí eolas a fháil ar bhóithre, ar inbhir agus ar shéadchomharthaí na Gaillimhe ag Taispeántas Léarscáileanna Stairiúla na Gaillimhe. Tá an seandálaí, Paul Walsh, agus Jennifer Moore as Acadamh Ríoga na hÉireann, ag dul sall chun ceisteanna a fhreagairt ar na léarscáileanna, tógtha as an tsraith, Atlas Bhailte Stairiúla na hÉireann. Ó chnuasach OÉ Gaillimh, beidh taispeántas de léarscáileanna lámhtharraingthe agus de bhéaloideas ó Chonamara ón údar agus cartagrafaí sár-aitheanta, Tim Robinson.

Is grúpa iad mairnéalaigh húicéirí na Gaillimhe a bhfuil eolas maith acu ar loingseoireacht. Beidh deis ag cuairteoirí go Féile Milwaukee macasamhail 3D iontach de húicéar a fheiceáil i dteach bád Meehan, a bhuíoch le Club Curach Milwaukee. Tugtar cuireadh freisin dóibh siúd atá fiosrach chuig an Scoil Scairte, áit a mbeidh Paul Walsh réidh le caint a thabhairt ar thréimhse athbheochana na Gaillimhe sa seachtú haois – am a raibh rath ar aonaigh, agus am inar tugadh réimse earraí isteach thar bhéal an chuain.

Tá sé cruthaithe ag Milwaukee go bhfuil níos mó na féile i gceist le blianta beaga anuas, le tionscadail bhreise ar bun, leithéidí de Chór Fhéile na nGael Milwaukee (a bhíonn ag canadh go minic le Cór Óige Pobail na hÓmaí) agus Scoil Samhraidh a reáchtáileann ceachtanna sa damhsa Gaelach, sa cheol traidisiúnta, sa cheardaíocht agus sa Ghaeilge. Tá suim faoi leith léirithe ag an lucht eagraithe i nGaillimh, agus tá caidreamh maith forbartha le healaíontóirí agus le baill tofa na Gaillimhe le cúig bliana is fiche anuas. Tá torthaí na n-iarrachtaí seo le feiceáil sa dá chathair agus comhpháirtíocht chomhchathrach fiche bliana bunaithe, á ceiliúradh gach bliain ag Halla Cathrach Milwaukee. Go deimhin, ba mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht seo a chuaigh iarUachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, trí gheataí na féile in 2005.

Airítear mórtas agus spreagadh as bheith mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa agus tá cosáin nua oscailte i bhfad agus i gcéin, níos faide ná mar a samhlaíodh ag an tús. Tá ríméad ar Ghaillimh 2020 na caidrimh thairbheacha seo a chothú agus ár gcontae uathúil féin a chur i láthair ar an taobh eile den Atlantach.

Bíodh an t-eolas is déanaí agat

Cláraigh linn le tuilleadh eolais a fháil


Cláraigh
Scéalta Gaolmhara
Imeachtaí Gaolmhara