Flotsam… Dul i nGleic le Truailliú Plaisteach
14.03.2019Reáchtáil tionscadal de chuid na scéime Bailte Beaga, Smaointe Móra (cuid de Ghaillimh 2020), Flotsam, an chéad cheann dá cheardlanna dealbhóireachta scoile an tseachtain seo caite; cruthaíodh píosa dealbhóireachta as plaisteach a fuarthas nuair a rinneadh glantachán trá le déanaí.
Agus é á reáchtáil ag Féile Ealaíon Órán Mór, tagann scoileanna, grúpaí pobail agus eolaithe le chéile faoi scáth Flotsam chun feasacht a mhúscailt faoin truailliú plaisteach, agus spreagtar an pobal dá réir le bheith páirteach i réiteach a fháil ar an bhfadhb seo.
Le roinnt míonna anuas tá Flotsam ag athcheangal phobal Órán Mór leis an gcósta. Rinneadh glantachán mór ar thrá Rinn Mhíl i mí Mheán Fómhair mar chuid de dheireadh seachtaine na gCóstaí Glana, agus thart ar 60 duine i láthair ann le cúnamh a thabhairt. Ón nglantachán trá seo, agus glantacháin eile a rinne daoine aonair agus grúpaí beaga ar thrá Rinn Mhíl, bailíodh cuid mhór plaistigh. Rinneadh an plaisteach sin a shórtáil agus a ghlanadh ansin, agus é réidh le húsáid sa tionscadal dealbhóireachta.
I mí na Samhna, thug Flotsam, i gcomhar le Garry Kendellen ó Uisceadán na Gaillimhe, cuairt ar thrí bhunscoil in Órán Mór; labhair siad leis na páistí faoi fhadhb an phlaistigh mara, agus na hathruithe a d’fhéadfadh gach duine acu a dhéanamh chun an scéal a fheabhsú. “Bhí na páistí an-dearfach faoi na cainteanna sin, agus d’inis roinnt tuismitheoirí dom go raibh a bpáistí (na leanaí réamhscoile féin, fiú amháin) ag teacht abhaile le heolas faoi na rudaí a d’fhoghlaim siad agus iad ag spreagadh a dtuismitheoirí chun an méid plaistigh a úsáideann siad laghdú,” a deir an t-eagraí, Eleanor Leadbetter.
“Is trí spreagadh agus oideachas a bheimid in dul i ngleic leis an bhfadhb seo atá ag dul ó smacht orainn.”
An mhí seo, cuirfear tús le ceardlanna i ngach scoil agus é de sprioc acu píosa dealbhóireachta a dhearadh agus a thógáil mar ghníomh dearfach i leith an méid a d’fhoghlaim siad i mí na Samhna. Éascaitheoirí ó Toodlelou Creativity Lab atá i mbun na gceardlann, iad ag cuidiú leis na páistí a gcuid smaointe a dhíriú ar dhearadh soiléir a bhfuil teachtaireacht láidir ann; cuideoidh na héascaitheoirí leo ansin aghaidh a thabhairt ar na dúshláin phraiticiúla a bhaineann le plaistigh a úsáid chun an píosa dealbhóireachta a bheas deartha acu a réiteach.
Chuir Gaelscoil de hÍde bailchríoch ar a bpíosa dealbhóireachta an tseachtain seo caite; tá Scoil Mhuire agus Scoil Iósaif Naofa i mbun a bpíosaí dealbhóireachta féin a dhearadh faoi láthair.
“Mar thoradh ar an tionscadal seo, tá súil againn go n-aireoidh pobal an cheantair gur leosan an cósta, chomh maith le dramhaíl phlaisteach a bheith á bhailiú mar amhábhar don tionscadal dealbhóireachta,” a deir Eleanor.
Deir sí: “Ní imeoidh fadhb na dramhaíola plaistí sa bhfarraige as a stuaim féin. Is trí spreagadh agus oideachas a bheimid in ann dul i ngleic leis an bhfadhb seo atá ag dul ó smacht orainn. De thoradh Flotsam creidimid gur féidir linn athrú chun feabhais a chur ar Órán Mór, agus le himeacht ama b’fhéidir go scaipfí an t-athrú sin níos faide ó bhaile.”