Roinn

Gailearaí: Lóchrann Chonamara

26.06.2019

Níor chuir an droch-aimsir isteach ar an lucht féachana ag Lóchrann Chonamara Dé Domhnaigh seo caite ag an Teach Dóite.

Bhailigh na céadta daoine sa bháisteach chun Oíche Shin Seáin a cheiliúradh ag an imeacht seo de chuid Bhailte Beaga Smaointe Móra, Gaillimh 2020, arna léiriú ag grúpaí pobail, Cumann Forbartha Chois Fharraige agus Comhairle Pobail na Fairche/Chloch Bhreac.

Osclaíodh na doirse in Óstán Peacockes agus bhí ceolchoirm bhreá ar an ardán le Clann Uí Iarnáin, Don Stiffe, Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus Banna Céilí Cogar.

Ina dhiaidh sin, threoraigh taibheoirí an slua chuig Marglann an Tí Dhóite, áit ar cuireadh sárthaispeántas i láthair, a leithéid nach bhfacthas riamh ag an gcrosbhóthar sin. Taibhléiriú amuigh faoin aer le tine, damhsa agus ceol a bhí ann, á chur i láthair ag Pyre Productions, an chuideachta drámaíochta, Fíbín, agus an t-amhránaí Aimee Banks, a bhí ina “Bandia na Tine”.

 

 

Sonraí an ghrianghrafadóra: EMJ Camera

Imeachtaí Gaolmhara