Roinn

Gaillimh ag Réiteach Chun Splanc a Chur sa Cheiliúradh

03.02.2020

Tá bailte móra agus beaga timpeall an chontae chun tús a chur le bliain na Gaillimhe ag croílár cultúrtha na hEorpa.

Cuireadh tús an tseachtain seo le Gaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa, le sraith imeachtaí ar fud an chontae, agus mar bhailchríoch ar an gceiliúradh, beidh Searmanas Oscailte mórthaibhseach pléascach sa Pháirc Theas, an Cladach, i gCathair na Gaillimhe, ar an Satharn, an 8 Feabhra.

Thosaigh na himeachtaí ar an Domhnach nuair a phléasc bladhmanna agus fuaimeanna i mbaile an Chlocháin i mórshiúl speisialta le cliar an phobail, sular lasadh sféar an bhaile. Baileofar na sféir uile as na bailte go léir le chéile i gCathair na Gaillimhe tráthnóna Dé Sathairn.  Beidh ceiliúradh loiscneach ar siúl ar an Spidéal, i dTuaim, Béal Átha na Sluaighe, Port Omna agus Baile Átha an Rí sna cúig óiche seo romhainn. Cuirfear clabhsúr ar imeachtaí na seachtaine i gCathair na Gaillimhe ar an Satharn nuair a bheidh cliar mhór de dhrumadóirí, cantairí agus rannpháirtithe eile as na bailte éagsúla ag teacht le chéile ag an bPáirc Theas, an rinn cois na farraige gar don chathair, don finalé mórthaibhseach amuigh faoin aer.

Beidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, i gcomhluadar filí, ealaíontóirí agus ceoltóirí na hÉireann don ócáid iontach lasrach seo le haghaidh oscailt oifigiúil bhliain na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

 

Samhlaíodh an searmanas chun bheith mar cheiliúradh síoraí agus uathúil de dhaoine agus de thraidisiúin na Gaillimhe agus na hÉireann, agus cuirfear i láthair é i bpléascadh ollmhór drámata fuaime agus físe.

 

Lasfar seacht bpíosa dealbhóireachta lámhshnoite le bladhmanna chun iad a athrú isteach ina gcruinneoga lonracha. Léiríonn gach ceann de na sféir seo scéalta agus traidisiúin na mbailte éagsúla agus lasfaidh siad suas rinn na Gaillimhe ar aghaidh Chuan na Gaillimhe. Cruinneoidh húicéirí na Gaillimhe, na báid iascaireachta aitheanta lena seolta dearga, le chéile agus iad lasta sa chuan.

 

Ag an searmanas, cloisfear den chéad uair saothar nua le Louis de Paor, duine d’fhilí móra Gaeilge ár linne.  Píosa filíochta nuascríofa is ea ‘Gairm chun Éireann’ a cruthaíodh go speisialta do bhliain na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa. I measc na nglórtha aitheanta a chloisfear ann beidh Caitlín Ní Chualáin, Olwen Fouéré, Bríd Ní Neachtain, Stephen Rea agus Naisrín Elsafty.

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Stiúrthóir Cruthaitheach Ghaillimh 2020, Helen Marriage;

 

“Is ócáid iontach é seo do Ghaillimh agus d’Éirinn. Sa tseachtain seo romhainn feicfimid bailte móra agus beaga na Gaillimhe ag ceiliúradh sa turas tine, le gach duine ag teacht le chéile ar an Satharn don seóthaispeántas mórthaibhseach amuigh faoin aer chun tús oifigiúil a chur le bliain na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.  Tugann an chliar don searmanas oscailte na céadta rannpháirtithe iontacha le chéile ó bhailte móra agus  beaga ar fud Chontae na Gaillimhe, agus cuirfidh siad beocht as cuimse sa Pháirc Theas le drumadóireacht, cantaireacht agus bladhmanna.  Is searmanas iontach a bheidh ann oíche Shathairn, a leithéid nach bhfacthas riamh roimhe in Éirinn, agus léiríonn sé scála ár gcláir chultúrtha a nochtfar sa bhliain seo romhainn. Tá Gaillimh 2020 buailte linn!”

 

Osclófar na geataí ag 4pm agus cuirfear tús leis an siamsaíocht ag 5pm le ceol ó Róisín Elsafty, Amazing Apples agus No Crows. I láthair freisin beidh Máirtín O’Connor, Seamie O’Dowd agus Zoe Conway. Is iad Rofi James a chuirfidh clabhsúr ar an seó. Ba cheart duit bheith ann breá luath chun spás a aimsiú duit féin agus bheith réidh don phríomh-ócáid a bheidh ag tosú ag 6pm. Táthar ag tuar go mbeidh deireadh leis an taispeántas thart ar 7.45pm.