Roinn

Lá Mór Spraoi sa Doineann!

11.10.2019

Hope it Rains | Soineann nó Doineann ag tabhairt cuireadh do ghasúir agus tuismitheoirí na Gaillimhe páirt a ghlacadh i dtionscnamh WeatherPlay. Beimid ag obair in éineacht le chéile chun cluichí agus fearais a chumadh a bhaineann súp agus spraoi as an ngaoth agus an bháisteach.

In éineacht le Galway 2020 European Capital of Culture, táimid ag seoladh Weatherplay ag lá mór spraoi sa doineann agus ba mhór againn bhur gcomhluadar!

Beimid ag péinteáil leis an bháisteach, ag imirt Bingo na Doininne, ag spraoi sa phludach le Venture Out, ag eitleogaíocht, ag imirt cluichí eachtraíochta, ag tógáil canóin uisce – agus iliomad eile. Tá súil againn go spreagfar sibh chun spraoi féin spéir – fiú nuair a thiteann an tóin aisti!

Beidh saineolaithe spraoi, ealaíontóirí agus gníomhaithe ag caint linn faoi conas deiseanna spraoi faoin aer a chothú ar mhaithe le páistí na Gaillimhe. Beidh Hilary O’Shaughnessy (Playable City UK), Eimear Dolan and Ann Mallaghan (Comhairle Chontae na Gaillimhe), Peter Boland (Insurance Reform Ireland), Kerry Walker (Down to Earth Forest School & Forest Therapy Galway) agus daoine nach iad i gcomhrá le Ríonach Ní Néill, stiúrthóir Hope it Rains | Soineann nó Doineann agus ealaíontóir Weatherplay Michelle Browne.

Mar a deir Patricia Philbin, Príomh-fheidhmeannach Gaillimh 2020, “tá áthas orainn a bheith i gcomhpháirtíocht leis an dtogra seo a chuirfidh malairt cló ar ár gcaidreamh le aimsir na Gaillimhe – le go mbeidh muid ag ag déanamh ceiliúradh ar an mbáisteach.”

Caith ort do chóta agus buataisí báistí agus tar amach linn ag spraoi faoin spéir – táimid ag tnúth leis an mbáisteach!

Má tá suim agat freastal ar lá mór spraoi WeatherPlay, líon isteach an fhoirm seo.

 


Luain, lá saoire bainc, 28 Deireadh Fómhair 2019 
11rn – 4in
Páirc Rinn Mhíl, Órán Mór, Contae na Gaillimhe
Saor in aisce