Tá Léiritheoir Cruthaitheach á lorg ag Ealaín na Gaeltachta Teo. chun Óró a chomhordú, togra idirnáisiúnta ealaíne, a chuirfear i láthair do Ghaillimh 2020, i gcomhar le Comhpháirtithe Eorpacha.
Eascraíonn an coincheap don tionscadal, Óró, ón gcaidreamh atá cothaithe ag Ealaín na Gaeltachta leis an domhan Ceilteach, san Eoraip, agus le pobal ealaíon na Gaeltachta.
Oibreoidh an Léiritheoir Cruthaitheach le hEalaín na Gaeltachta agus Gaillimh 2020 chun plean mionsonraithe agus sainchúram a fhorbairt chun ealaíontóirí a roghnú don tionscadal, agus oibreoidh sé/sí leis na healaíontóirí roghnaithe chun fís an tionscadail a fhorbairt agus a chur i gcrích.
Reáchtálfar an tionscadal trí mheán na Gaeilge, ach amháin gnéithe Eorpacha faoi leith.
Le haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí poist, déan teagmháil le Muireann Ní Dhroighneáin ag Ealaín na Gaeltachta Teo.
Fón: 091 503 100 r-phost: m.nidhroighneain@udaras.ie
Spriocdháta le haghaidh iarratas: Dé hAoine, an 17 Bealtaine ag 4pm