Roinn

Pleananna do Ghaillimh 2020 ag éirí in airde

15.05.2019

Mar chuid de na hullmhúcháin leanúnacha do Ghaillimh 2020, tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil comhpháirtíocht aontaithe le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe chun imeachtaí cultúrtha a chur ar siúl ag suíomh Aerfort na Gaillimhe do 2020.

 

Tá géarghá leis an áis bhreise seo i stoc cultúrtha na Gaillimhe agus cuirfidh sé go mór le saol agus le bonneagar cultúrtha na cathrach agus an chontae. Coinnigh súil amach le haghaidh sonraí iomlána imeachtaí Ghaillimh 2020 a bheidh ar siúl ag Aerfort na Gaillimhe an bhliain seo chugainn nuair a fhógrófar an clár iomlán san fhómhar.